Foilsithe ar 

Údarás na Gaeltachta ag Infheistiú in Largo Food Exports Ltd., Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Tá fógartha inniu (Dé Máirt, 21ú Feabhra 2012) ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil cead tugtha ag an Rialtas do chuidiú deontais ó Údarás na Gaeltachta do Largo Foods Exports Ltd., cuideachta atá lonnaithe i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Cuideoidh an deontas de €579,564 leis an chuideachta trealamh a thabhairt chun dáta agus clár taighde agus forbartha a mhaoiniú do tháirgí nua mórluacha a bheidh á dtáirgeadh sa Ghaeltacht do mhargaí na hÉireann agus na Breataine. 

Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: "Tá an infheistíocht seo ríthábhachtach sa mhéid agus go gcinnteoidh sé go bhfanfaidh Largo Food Exports Ltd. i nGaoth Dobhair.  Léiríonn infheistíocht an Stáit sa chuideachta seo go bhfuil an Rialtas dáiríre faoi fhostaíocht a neartú i gceantair ar nós ceantar Ghaoth Dobhair chun pobail inmharthana tuaithe a choinneáil beo agus, go háirithe, chun tacú leis an Ghaeilge mar theanga an phobail i gceantar láidir Gaeltachta."

Dúirt an tAire Stáit chomh maith go dtacaíonn an fógra seo le coimitmint an Rialtais d'fheidm fhiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choimeád agus don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 -2030.  "Tá cruthú post sna ceantair Ghaeltachta lárnach d'aidhm na Straiteise, is é sin, a chinntiú go ndéantar an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin mar theanga bhríomhar an phobail agus an teaghlaigh," a dúirt an tAire Stáit.  Thréaslaigh an tAire Stáit le Largo Foods, agus lena phríomhfheidmeannach, Raymond Coyle, ach go háirithe, as a dtiomantas leanúnach don ghnó i nGaoth Dobhair a thacaíonn lena chomhionann de 125 post lán-aimseartha.

CRÍOCH

Nóta do na heagarthóirí:·        

Is é Largo Food Exports Ltd. máthairchuideachta Arán Pita Éireann Teo., Bia Ghaoth Dobhair Teo., Largo Intellectual Properties Ltd., agus Bia Ghaoth Barra Teo., agus tá siad uile lonnaithe i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.  

·         Cuireann na cuideachtaí seo sneaicbhia ar fáil do mhiondíoltóirí móra ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Tesco, Safeway, Lidl, Morrisons, Sainsburys agus Butterkist. Táirgeann siad sneaicbhia dá máthairchuideachta, Largo Food Exports Ltd., freisin faoin mbranda Tayto.

·         Tá Grúpa Largo, a bhfuil a cheanncheathrú i gCill Dhéagláin, Co. na Mí, ag cur fostaíocht sheasmhach ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall le blianta fada.  Faoi láthair tá 125 ball foirne cóibhéiseach lánaimseartha fostaithe ag an ngrúpa i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

 

 

www.ahg.gov.ie