Foilsithe ar 

“Comhghairdeas le Raidió na Gaeltachta” arsa an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich

I ráiteas a d’eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu an 5ú Aibreán 2012, rinne an tAire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., comhghairdeas le Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód.

“Thar aon ní eile, thug Raidió na Gaeltachta deis do phobal na nGaeltachtaí éagsúla aithne a chur ar a chéile agus tuiscint a fháil ar na canúintí éagsúla,” a dúirt an tAire Stáit.

Is sna ceantair Ghaeltachta amháin a bhí an raidió nua le cloisteáil i dtús aimsire agus dúirt an tAire Stáit gur thug sé ardán do phobal na Gaeltachta lena mbarúil a thabhairt faoin nGaeilge, faoin nGaeltacht agus faoin domhan mór.

Dúirt an tAire Stáit gur chuidigh sé go mór le Raidió na Gaeltachta go raibh sé lonnaithe i gceartlár na Gaeltachta ón tús agus go raibh an fhoireann i measc mhuintir na Gaeltachta gach lá.

“Déanaim comhghairdeas le Raidió na Gaeltachta as an éacht thar na bearta atá déanta acu,” a dúirt an tAire Stáit “agus guím gach rath ar an bhfoireann do na blianta atá amach romhainn.”