Foilsithe ar 

€11,800 ceadaithe do Thogra Fiontar agus Cultúr Uladh ag an Aire Stáit Kyne

Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas €11,800 ceadaithe aige do Thogra Fiontar agus Cultúr Uladh, Co. Dhún na nGall chun oibreacha riachtanacha a chur i gcrích i dTeach Mhicí Mhic Gabhann.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit: "Tá áthas orm a bheith in ann an cabhair seo a chur ar fáil do Thogra Fiontar agus Cultúr Uladh ionas go mbeidh ar a gcumas díon úr tuí a chur ar an bhfoirgneamh tábhachtach seo. Tá an teach seo ar cheann de na seoid Oidhreachta is cultúrtha agus is tábhachtaí sa cheantar seo”.

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an t-airgead seo á cheadú.