Foilsithe ar 

Gairm oscailte ó Chultúr Éireann á fógairt ag an Aire Humphreys don 16ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2018

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) go bhfuil Cultúr Éireann ag lorg tograí chun ionadaíocht a dhéanamh
ar Éirinn ag an 16ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2018. Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise an príomh-imeacht ailtireachta ar domhan, ina mbíonn níos mó ná 60 taispeántas náisiúnta agus a mheallann na céadta míle cuairteoirí.

Tá Éire sa Veinéis á stiúradh ag Cultúr Éireann i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Bliain speisialta a bheidh ann in 2018, nuair a bheidh na hailtirí Éireannacha Yvonne Farrell agus Shelley McNamara as Grafton Architects á n-onórú ag Bord La Biennale di Venezia nuair a cheapfar iad mar léiritheoirí foriomlána an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Cabhraíonn rannpháirtíocht na hÉireann i mBiennale Ailtireachta na Veinéise le hiomrá ailtirí na hÉireann a chothú go hidirnáisiúnta agus tógáil ar a gcáil láidir dhomhanda. Tá clú bainte amach ag ailtirí Éireannacha go hidirnáisiúnta as a mbarrfeabhas agus nuálaíocht agus is deis an-luachmhar é Biennale na Veinéise leis an gcumas sin a chur ar taispeáint.

“Ar ndóigh, is bliain an-speisialta í 2018 d’Éire sa Veinéis, mar go bhfuil Yvonne Farrell agus Shelley McNamara as Grafton Architects ceaptha mar léiritheoirí foriomlána an 16ú Biennale Ailtireachta, rud is éacht iontach ann. Lena gceapachán tarraingítear aird an domhain ar chaighdeán fíor-ard na hailtireachta in Éirinn.

"Trí chlár Éire Ildánach, táimid ag féachaint leis an gcultúr agus an chruthaitheacht a chur ag croílár an pholasaí phoiblí. Tá an ailtireacht fréamhaithe sa chruthaitheacht agus sa nuálaíocht agus creidim go bhfuil scéal an-dearfach le hinsint ag Éirinn faoi láthair faoinár n-ailtirí agus an rath atá ar ailtireacht na hÉireann go hidirnáisiúnta.”