Foilsithe ar 

Léargas á thabhairt ar Mhná na Bliana 1916 le taispeántas nua

20160119HEATHERHUMPHREYSSTOCKIMG_9859Mná 1916 – Women 1916, taispeántas speisialta ina bhfuil ábhar nach bhfacthas riamh ó bhailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí, á óscailt i gCaisleán Bhaile Átha Cliath 

Tráthnóna inniu, déanfaidh an tAire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys taispeántas speisialta ar mhná na bliana 1916 a oscailt go hoifigiúil, ina bhfuil ábhair bailithe le chéile nach bhfacthas riamh roimhe, as bailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí. Leis an tionscnamh seo de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, cuirtear síos ar an 300 bean a bhí páirteach san Éirí Amach, agus tabharfar ar camchuairt náisiúnta é tar éis trí seachtaine i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

I dteannta na bpearsana inaitheanta a bhain le himeachtaí 1916, déantar go leor daoine agus scéalta nua a thabhairt chun solais leis an taispeántas uathúil cumhachtach seo. Cé go bhfuil fócas faoi leith ar na mná a bhí páirteach san Éirí Amach, féachtar freisin le tuiscint níos fearr a thabhairt ar stair chasta na hÉireann ag an tráth sin.

Ba í an t-údar agus staraí, Sinéad McCoole, a rinne an taispeántas a choimeád, tar éis taighde agus comhoibriú nach beag le líonra na gcomhordaitheoirí cuimhneacháin náisiúnta i ngach údarás áitiúil. Baintear leas as stór iontach ábhar freisin, ina measc:

  • Ábhar digitithe ón Chartlann Mhíleata
  • Ábhar foinse ar líne lena n-áirítear daonáirimh, taifid breitheanna, básanna agus póstaí agus taifid eaglasta eile.
  • Taifid fhairsing de chuid na bhForas Cultúir Náisiúnta, an Leabharlann Náisiúnta agus an tArd-Mhúsaem ach go háirithe, a thug réada, íomhánna agus cáipéisí atá á mbailiú le chéile den chéad uair riamh. 

Agus í ag labhairt ag oscailt an taispeántais, bhí an méid seo le rá ag an Aire:

Tá a fhios againn gur ligeadh cuid mhór de na mná a bhí páirteach in imeachtaí na bliana 1916 i ndearmad le 100 bliain anuas, agus tá lúcháir orm go bhfuiltear á gcur i lár an aonaigh anois in éineacht le hainmneacha níos inaitheanta ón Éirí Amach. Den chéad uair cuirtear síos ar an eispéireas a bhí ag an 300 bean a ghlac páirt san Éirí Amach, lena n-áirítear, mar shampla, mná a d’fheidhmigh mar theachtairí d’fhrithordú Eoin Mhic Néill, na mná a d’fhan le haicsean nár tharla riamh agus na mná a ghlac páirt sa chomhrac agus a d’éalaigh ó lucht a ngafa agus, go deimhin, na taifid ar feadh fada go leor.

In 2016, bliain chuimhneacháin seo an chéid, tugtar léargas i gceart den chéad uair ar ghníomhaíochtaí agus eispéireas na mban le linn tréimhse réabhlóide na hÉireann. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don dúrud oibre atá déanta ag Sinéad McCoole, agus go deimhin ag staraithe mná eile, a bhain scéal na mban as insint staire a bhain den chuid is mó le fir go dtí seo, agus a tharraing aird air. Tá éacht mhór déanta acu do mhná an Stáit seo.

Dúirt coimeádaí an taispeántais, Sinéad McCoole, an méid seo:

Go minic, úsáidtear na téarmaí ‘sócmhainní Stáit’ agus ‘seoda náisiúnta’ chun tagairt a dhéanamh do nithe an-luachmhar, ar nós thithe móra le demesne agus réada órga - i mbliain chuimhneacháin seo an chéid bhí muid in ann úsáid a bhaint as sócmhainní agus seoda de chineál eile ón bhliain 1916 as na bailiúcháin náisiúnta, as leabharlanna, cartlanna, agus músaeim ar fud na tíre. Is mar gheall ar chabhair choimeádaithe, chartlannaithe, staraithe agus leabharlannaithe staidéar áitiúil a bhíothas in ann an taispeántas seo a chur le chéile. Ní bheadh a leithéid indéanta deich mbliana ó shin, gan na hacmhainní ar líne agus doiciméid digitithe atá againn anois.