Foilsithe ar 

Léirithe spéise á lorg ag an Aire Humphreys i liosta náisiúnta le cultúr beo na hÉireann a cheiliúradh

  • · ‘Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe’ le bheith curtha i dtoll a chéile d’fhonn cultúr beo na hÉireann a chosaint i gcomhar le Coinbhinsiún UNESCO. 
  • · Is ionann oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe agus foirm bheo na hoidhreachta nach féidir lámh a leagan air (seachas, mar shampla, ár n-oidhreacht thógtha).
  • · Cuimsíonn sé béaloideas; ealaíona taibhiúcháin; cleachtais, deasghnátha agus imeachtaí sóisialta; eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an gcruinne; agus ceardaíocht thraidisiúnta.

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, gairm oscailte náisiúnta inniu (Déardaoin) ar aighneachtaí le haghaidh Fardal Náisiúnta d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe na hÉireann.
Nuair atá sé curtha i dtoll a chéile, déanfar cultúr beo na hÉireann a aithint agus a chur chun cinn leis an liosta trí aitheantas oifigiúil Stáit. I gcomhar leis sin, déanfar oibleagáidí na hÉireann faoi Choinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe a chomhlíonadh, a shínigh Éirinn i mí na Nollag 2015 d’fhonn feasacht agus meas ar ár gcultúr beo a mhéadú.
Cuimsíonn oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe foirmeacha oidhreachta beo nach féidir lámh a leagan orthu - seachas, mar shampla, ár n-oidhreacht thógtha. Tagraíonn sé do na cleachtais agus léirithe atá ag croílár saol agus féiniúlachtaí ár bpobail, ár ngrúpaí agus ár ndaoine.
Táthar ag glacadh le hiarratais ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann sna catagóirí seo a leanas:
1. Béaloideas agus léirithe, lena n-áirítear teanga
2 .Na healaíona taibhiúcháin
3. Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla

4.Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an gcruinne

5. Ceardaíocht thraidisiúinta

Dúirt an tAire Humphreys: “Is ionann traidisiúin agus cleachtais ár bpobail agus cnámh droma chultúr agus féiniúlacht na hÉireann. Múnlaíonn siad ár stair, cuireann siad bonn agus taca faoin am i láthair agus réitíonn siad an slí amach romhainn. Is foinse inspioráide agus bróid dár muintir iad go fóill sa lá atá inniu ann. Creidim go bhfuil sé de fhreagracht orainn iad a aithint agus a cheiliúradh ag leibhéal náisiúnta d’Éirinn na todhchaí.”
Tugtar cuireadh do dhaoine nó eagraíochtaí ar mian leo go mbreithneofaí iad le cur san áireamh i bhFardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe foirm Léirithe Spéise a líonadh. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná Dé Céadaoin, an 31 Eanáir 2018.

Nótaí don Eagarthóir
1 Gairm oscailte d’Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe

Is mar seo a leanas a rachaidh an ghairm oscailte don Fhardal Náisiúnta:

· Ba chóir do pháirtithe ar spéis leo é an fhoirm Léirithe Spéise a líonadh agus a sheoladh isteach.
· Déanfaidh sainchoiste comhairleach náisiúnta Léirithe Spéise a mheas lena chinntiú go gcomhlíonann siad na critéir leagtha amach sa Choinbhinsiún.
· Tabharfar cuireadh dóibh siúd a n-éiríonn leo a n-aighneacht dheiridh a chur le chéile, a bheidh mar chuid d’Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe.

2 Próiseas Iarratais Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe

· Is féidir le heagraíochtaí, daoine aonair nó grúpaí daoine a bhfuil baint acu le gné den oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe Léirithe Spéise a sheoladh isteach. Spreagtar comhiarratais ó pháirtithe leasmhara éagsúla ag obair le chéile.
· Is féidir foirmeacha Léirithe Spéise a íoslódáil ag an nasc seo a leanas agus a chomhlánú i nGaeilge nó i mBéarla: https://www.chg.gov.ie/arts/culture/projects-and-programmes/intangible-cultural-heritage/
· Ba chóir gach fiosrú agus foirm chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig nationalich@chg.gov.ie
· Is é an spriocdháta i gcomhair foirmeacha Léirithe Spéise Dé Céadaoin, an 31 Eanáir 2018.


3 Coinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe

· I mí na Nollag 2015 dhaingnigh Éire Coinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe.
· Tá téacs an Choinbhinsiúin le fáil ag https://ich.unesco.org/en/convention
· D’fhéadfadh iarratasóirí a n-éireoidh leo maidir leis an bhFardal Náisiúnta breathnú ar ainmniúchán a lorg ón Stáit le bheith curtha san áireamh ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Daonna. Tá an Stát i dteideal ainmniúchán amháin a dhéanamh don liosta seo gach bliain.
· Tá iarratais le haghaidh 2016 (Píobaireacht Uilleann) agus 2017 (Iománaíocht) á meas faoi láthair ag UNESCO.