Foilsithe ar 

Litreacha idir WB Yeats agus James Joyce mar chuid de cheannachán nua na Leabharlainne Náisiúnta - an tAire Humphreys

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) go bhfuil maoiniú breise os cionn €500,000 ceadaithe aici do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) le líon suntasach lámhscríbhinní de chuid theaghlach WB Yeats a cheannach, lena n-áirítear bailiúchán de 10 litir shínithe agus cárta poist chuig WB Yeats ó James Joyce. Cuireadh an bailiúchán ar taispeáint ag fáiltiú speisialta sa Leabharlann Náisiúnta, ag a raibh an tAire Humphreys agus baill de theaghlach Yeats i láthair.

Is buaicphointe an cheannacháin nua bailiúchán litreacha a scríobh Joyce chuig Yeats, sraith eisceachtúil ina bpléitear saothar liteartha Joyce lena n-áirítear Exiles, Dubliners agus Ulysses; litreacha ina bpléitear saothar Yeats; agus cóip chlóscríofa de litir Joyce chuig an Bantiarna Gregory, dar dáta an 22 Samhain 1902, an lá sular fhág sé Éirinn, a sheol sí chuig Yeats. Cumhdaíonn na litreacha beagnach 24 bliana de chomhfhreagras agus léirítear iontu cairdeas domhain litríochta; i gceann de na litreacha is deireanaí, gabhann Joyce buíochas le Yeats, ag rá ‘it is now thirty years since you first held out to me your helping hand.’
Is í an dara phríomhghné den sealbhú dialann brionglóidí nó ‘Dream Diary’ bhean chéile Yeats, George. Liostaítear ann dátaí, amanna agus áiteanna a cuid codlata agus mionsonraí a brionglóidí, chomh maith le nótaí Spioradachais agus léaráidí bainteacha. Tá cuid mhór den dialann scríofa i gcuid scríbhneoireacht WB Yeats, agus ina measc tá sraith ceisteanna le freagraí ó George i scríbhneoireacht uathoibríoch. Áirítear leis an sealbhú leabharlann Chlann Yeats, a chuirfear le leabharlann phearsanta WB Yeats, atá sa Leabharlann Náisiúnta cheana. Mar chuid den bhailiúchán tá leabhair a bhí i seilbh Chlann Yeats ar feadh na nglún, chomh maith le bailiúchán suntasach ábhar ó Cuala Press.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Is bailiúchán iontach é seo, a chuirfidh go mór leis an taispeántas Yeats atá sa Leabharlann cheana, a mheallann níos mó ná 70,000 cuairteoirí in aghaidh na bliana. Is uathúil ach go háirithe na litreacha idir Joyce agus Yeats, ina dtugtar léargas eisceachtúil ar shaothar Joyce agus ar an gcairdeas fada idir laochra seo na litríochta.

“Tá an-áthas orm go raibh mé in ann maoiniú breise a cheadú don Leabharlann le go bhféadfadh siad an ceannachán seo a dhéanamh. Cuirfidh leabharlann teaghlaigh Yeats, atá mar chuid den cheannachán, go mór le leabharlann phearsanta WB Yeats féin, atá i seilbh na leabharlainne náisiúnta le tamall.

“Mar gheall ar an bhfeabhas atá ag teacht ar an ngeilleagar, bhí mé in ann tuilleadh maoinithe laethúil a chur ar fáil don Leabharlann Náisiúnta agus dár bhforais chultúir eile agus bhí mo Roinn in ann tacú le sealbhú an bhailiúcháin fhíorthábhachtach seo, a bheadh caillte ag an Stát seachas sin. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le clann Yeats as a gcur chuige flaithiúil, agus as oibriú go dlúth le foireann saineolaithe na Leabharlainne Náisiúnta le haistriú na nithe seo go dtí an bailiúchán náisiúnta a éascú. Le blianta fada tá saibhreas ábhar curtha ar fáil ag clann Yeats don Leabharlann Náisiúnta, agus mar gheall air sin tá an bailiúchán is mó ar domhan de pháipéir Yeats ann agus is ionad léinn Yeats é freisin.

Chuir stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr Sandra Collins, lena cuid cainte: "Ar fud an domhain, tá ainm WB Yeats ceangailte le hÉirinn. Is nasc domhain mothúchánach é as a bhfuil bród ar mhuintir na hÉireann. Bhí gean ar leith ag WB Yeats ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus is mór an tacaíocht atá tugtha ag clann Yeats don leabharlann leis na glúine anuas. Tá lúcháir orainn go raibh muid in ann na hábhair iontacha seo a shealbhú chun cur leis an mbailiúchán is mó d’ábhar WB Yeats sa domhan, a bhuíochas do thacaíocht an Aire Humphreys. Táimid ag súil le fáilte a chur roimh chuile dhuine le taitneamh a bhaint as na seoda seo sa Leabharlann Náisiúnta.”

Ag labhairt thar ceann chlann Yeats, dúirt Caitríona Yeats “Tá lúcháir orm go raibh an Leabharlann Náisiúnta in ann cur lena mbailiúchán de shaothar Yeats. Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh gan an maoiniú breise flaithiúil a cheadaigh an tAire Heather Humphreys. Mar gheall ar na cistí breise bhíothas in ann an Dream Diary a cheannach, an píosa deiridh den tacar sin, chomh maith le leabhair eile go léir chlann Yeats, a bheidh anois mar chuid den leabharlann WB Yeats a bronnadh roimhe, ábhar de chuid Cuala Press (bunábhair agus ábhair nua) agus litreacha James Joyce. Is mór an sásamh é go bhfuil na hábhair thábhachtacha seo ag fanacht in Éirinn agus go mbeidh siad ar fáil ag scoláirí agus cuairteoirí ar feadh na mblianta fada amach anseo.”

CRÍOCH

Tabhair faoi deara, le do thoil: Eiseoidh Mark Stedman grianghraif den fháiltiú tar éis na hócáide.