Foilsithe ar 

Maoiniú caipitiúil os cionn €745,000 á fhógairt ag an Aire Humphreys d’eagraíochtaí deonacha ealaíon ar fud na tíre

Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine) go bhfuil níos mó ná €750,000 de chistiú á chur ar fáil do níos mó ná 60 eagraíocht áitiúil ealaíon ar fud na tíre. Tá an cistiú á chur ar fáil faoi Shruth 3 den Scéim Chaipitil Ealaíon agus Chultúir 2016-2018. Níos luaithe i mbliana, d’fhógair an tAire Humphreys cistiú os cionn €9 milliún faoi Shruthanna 1 agus 2 na Scéime.

Is ionann uasmhéid na ndeontas a bhronnfar faoin mbabhta cistiúcháin seo agus €20,000.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Humphreys agus an cistiú á fhógairt aici:
“D’aon turas, rinne muid an Scéim Chaipitil Ealaíon agus Chultúir 2016-2018 chomh solúíbtha agus is féidir lena chinntiú go mbainfeadh eagsúlacht eagraíochtaí ealaíon tairbhe as. Mar thoradh ar an mbabhta is déanaí cistiúcháin seo, tá tairbhe bainte as an scéim an-fiúntach seo ag níos mó ná 120 eagraíocht.

“Bhain an chéad dá bhabhta cistiúcháin leis na heagraíochtaí ealaíon agus cultúir níos mó, a raibh uasghrádú de dhíth orthu ar a gcuid áiseanna. Tá an cistiú atá á fhógairt inniu agam dírithe go sonrach ar eagraíochtaí níos lú le sainchúram sainithe ealaíon agus cultúir, eagraíochtaí a chuireann go dearfach lena bpobail áitiúla.

“Cé gur méideanna réasúnta beag atá i gceist, déanfaidh na deontais seo difir dearfach do na heagraíochtaí aonair, lena n-áirítear ionaid bheaga ealaíon, amharclanna, gailearaithe, músaeim, ionaid oidhreachta, cartlanna chomh maith le stiúideonna ealaíontóirí agus spásanna cruthaitheacha agus taibhithe.

“Bainfidh éagsúlacht mhór tionscadal tairbhe astu, tionscadail a bhaineann le TF, córais nua soilse agus fuaime in amharclanna agus in ionaid ealaíon, suíocháin, stáitsí agus stóras agus feabhas ar áiseanna digiteacha ina measc. Tá sé mar aidhm ag na tionscadail seo ar fad eispéireas an lucht féachana agus an t-eispéireas cruthaitheach a fheabhsú.

“Mar chuid de Chlár Éire Ildánach, is mian liom an chruthaitheacht a chumasú i ngach pobal. Ag féachaint dó sin, is bealach tábhachtach é an infheistíocht seo chun tacú leis na healaíona sna réigiúin, agus cinnte a dhéanamh go mbeidh teacht ag daoine ar fud na tíre ar áiseanna cultúrtha ardchaighdeáin.

“Tá lúcháir orm freisin go bhfuil beagnach 80% den chistiú atá á leithdháileadh inniu ag dul chuig tionscadail lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Luíonn sé sin leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an chéad straitéis uile-rialtais riamh dírithe ar athrú ceart a chur i bhfeidhm do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair i gceantar tuaithe na hÉireann.”