Foilsithe ar 

Molann an SPNF don phobal aire a thabhairt ag an gcóilíneacht éan i gCuan Loch Garman

Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis moladh d'úinéirí madraí agus don phobal i gcoitinne gan dul a chóir cóilíneacht éan i gCuan Loch Garman, áit a bhfuil geabhróga beaga i ndiaidh socrú le neadú. Laghdófar go mór an seans go dtiocfaidh na sicíní slán as a n-uibheacha má chuireann daoine isteach orthu.

Tar éis dóibh neadú ar Mhúr an Dúin agus na dumhcha amuigh ó Rinn Ros Láir anuraidh, tá an chuma air go bhfuil na Geabhróga Beaga lonnaithe go mórmhór ar Mhúr an Dúin amuigh ó phríomhchainéal an Chuain i mbliana. Meastar go bhfuil 50 phéire ina suí ar uibheacha, agus go n-osclóidh na huibheacha gan mhoill. Tosaíonn na sicíní ag eitilt tuairim is trí seachtaine i ndiaidh dóibh teacht as an ubh.

Tá comharthaí sealadacha curtha suas ag an SPNF, ag iarraidh ar dhaoine gan dul isteach sa chóilíneacht sa dóigh is go mbeidh an seans is fearr ag na sicíní teacht slán.

Dúirt Maoirseoir Fiadhúlra de chuid an SPNF, Tony Murray:
"Bíonn cuma shliogáin ar uibheacha agus ar shicíní na nGeabhróga Beaga ar an trá, agus mar sin bheadh sé furasta siúl orthu i ngan fhios. Nuair a bhí cóilíneacht lonnaithe anseo go deireanach, níor éirigh leis na héin pórú de bharr gur cuireadh isteach orthu nuair a chuaigh daoine isteach sa cheantar póraithe. Is baol níos mó fiú na madraí, agus mar sin táimid ag iarraidh ar úinéirí madraí aire faoi leith a thabhairt.

"Is suntasach an líon éan a bhain leas as Cuan Loch Garman le dhá bhliain anuas, agus is é seo anois ceann de na cóilíneachtaí is mó de Gheabhróga Beaga in Éirinn. Tá súil againn, le comhoibriú an phobail, go dtiocfaidh na céadta sicín as a n-uibheacha sna seachtainí amach romhainn.”