Foilsithe ar 

Na mílte Féile Sráide Comórtha Céad Bliain á bpleanáil i ngairdíní, páirceanna agus sráideanna ar fud na tíre

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) go ndéanfar an Fhéile Sráide is mó riamh a eagrú Dé Domhnaigh beag seo, an 12 Meitheamh. Mar chuid d’Éire 2016, tá níos mó ná 1,200 Féile, ina mbeidh tuairim is 120,000 duine ag glacadh páirte, dearbhaithe go dtí seo ar fud na tíre, de réir mar a dhéanann daoine teagmháil le seanchairde agus mar a chuireann siad aithne ar chairde nua.

Ar shráideanna, i bpáirceanna agus i ngairdíní ar fud na tíre, tabharfaidh teaghlaigh agus cairde cuireadh dá gcomharsana chuig Féile Sráide Comórtha Céad Bliain speisialta, mar chuid de lá náisiúnta féilte sráide agus ceiliúrtha pobail.

Ag labhair di roimh Féile Sráide Comórtha Céad Bliain na bliana seo, dúirt an tAire Humphreys:
“Is é is bunús le hÉire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain ná spiorad pobail agus tá lúcháir orainn bheith ag obair le Street Feast chun ceiliúradh speisialta céad bliain a eagrú. Táthar ag dréim leis go mbeidh níos mó ná 100,000 duine páirteach i Féilte Sráide ina bpobail féin Dé Domhnaigh, cibé acu ina ngairdín, sa pháirc áitiúil, nó ar a sráid féin. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na hoibrithe deonacha a chuir tús le Street Feast sa bhliain 2010 agus a rinne gluaiseacht náisiúnta de le sé bliana anuas. Tá sé tráthúil go mbeidh an Street Feast is mó agus is fearr go dtí seo againn i mbliain seo an chéid.

Bhí an méid seo le rá ag Sam Bishop, duine de bhunaitheoirí Street Feast: “Go dtí seo i mbliana, tá níos mó ná 1,200 Féile Sráide Comórtha Céad Bliain pleanáilte, ina mbeidh tuairim is 120,000 duine páirteach. Is ómós é an líon sin do na pobail agus na grúpaí go léir ar fud na tíre atá ag eagrú Féile Sráide mar iarracht ghníomhach chun aonrú sóisialta a laghdú ina bpobail. Tá súil againn go spreagfaidh na Féilte Sráide athnuachan pobail ar fud na nglúine - ag tabhairt seanchairde agus cairde nua le chéile. Agus an lá mór ag druidim linn, tá ná mílte duine ag déanamh réidh le Féilte Sráide Comórtha a óstáil ina ngairdíní, ar a sráideanna, i bpáirceanna agus i gcuibhrinn - beidh an scleondar i bpobail ar fud na tíre ag an leibhéal is airde riamh.”

Ba ghrúpa beag oibrithe deonacha a cheap agus a d’fhorbair Street Feast at dtús, agus fonn orthu teacht ar bhealaí le haonrú i bpobail a laghdú. Is ceiliúradh neamhbhrabúis, déan-féin-é, lán spraoi atá ann. Tacaíonn Street Feast le daoine aonair agus le grúpaí pobail a gceiliúradh féin a óstáil, ar shráideanna agus i ngairdíní ar fud na hÉireann.