Foilsithe ar 

Níos mó ná aon mhilliún duine i láthair ag imeachtaí cuimhneacháin Éire 2016 - an tAire Humphreys

Ómós á thabhairt ag an Aire do na daoine go léir a chuir leis an rath a bhí ar imeachtaí na Cásca

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ómós inniu (Déardaoin) dóibh siúd go léir a chabhraigh le himeachtaí comórtha dheireadh seachtaine na Cásca, ar éirigh go han-mhaith leo, agus ag a raibh níos mó ná aon mhilliún duine i láthair. Ceapann na Gardaí go dtáinig níos mó ná 750,000 duine go lár chathair Bhaile Átha Cliath le haghaidh Reflecting the Rising Luan Cásca, agus go raibh na céadta míle duine i láthair do pharáid Dhomhnach Cásca agus do na himeachtaí comórtha Stáit sna réigiúin.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Ba ionann na himeachtaí a bhí ar siúl le linn dheireadh seachtaine na Cásca agus an toradh ar an dúrud oibre ar fud an Rialtais agus, go deimhin, gach brainse den Stát. Bhí rath níos fearr ar chuimhneacháin an Stáit, ar ar fhreastail na céadta míle duine ag an deireadh seachtaine, ná mar a bhí aon duine ag súil leis.

“Ba shaothar foirne é Éire 2016 agus is mar sin atá sé go fóill. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt ach go háirithe d’Óglaigh na hÉireann, a bhí i lár an aonaigh ag an deireadh seachtaine, agus baill uile An Gharda Síochána, a chinntigh go ndeachaigh na himeachtaí isteach go síochánta. Is mian liom freisin buíochas a ghabháil le RTÉ as an oibríocht ollmhór cruthaitheachta agus lóistíochtúil, ‘Reflecting the Rising’. Meastar go dtáinig tuairim is 750,000 duine go lár na cathrach le páirt a ghlacadh ann, rud a d’fhág gurb é an ócáid phoiblí is mó é dá raibh riamh sa phríomhchathair. Buíochas freisin le lucht na n-ealaíon, a rinne ócáid fhíor-spesialta den lá.

“Ba chuimhneacháin na saoránaigh a bhí iontu, agus is a bhuíochas don phobal, a ghlac go fonnmhar leis an gclár comórtha, gur éirigh chomh maith sin leo. Ba iontach an rud é an oiread sin daoine óga agus teaghlaigh a fheiceáil agus iad ag baint taitnimh as na himeachtaí poiblí thar dheireadh seachtaine na Cásca. Is léiriú ar iarrachtaí na gcéadta oibrí deonach a chabhraigh leis na cuimhneacháin, agus grúpaí ar nós an chosaint shibhialta a bhí ar fáil da mba ghá leo, go raibh an líon mór sin daoine in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus sult a bhaint astu.

"Ar ndóigh, bhí na cuimhneacháin ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath freisin, le pobail ar fud na tíre ag reáchtáil a gcuid searmanas agus ceiliúradh féin, lena n-áirítear na searmanais shollúnta fleascleagain a reáchtáladh in áiteanna réigiúnacha ar an Luan. Tá súil agam gur tionchar fadtréimhseach dearfach a fhágfar le hoidhreacht ag cuimhneacháin 2016. An deireadh seachtaine seo caite, chonaic muid muintir na hÉireann ag teacht le chéile mar thír atá an-bhródúil as a féiniúlacht náisiúnta.

“Leanfar ar aghaidh le hÉire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain ar feadh an chuid eile de 2016. Is iomaí cuimhneachán eile atá beartaithe sna seachtainí agus míonna amach romhainn, agus nuair a thagann muid chomh fada leis an dara leath den bhliain beimid ag caitheamh súil chun tosaigh, lenár dtodhchaí a athshamhlú agus ár mianta don chéad 100 bliain eile in Éirinn a phlé.”