Foilsithe ar 

Níos mó ná €400,000 de chistiú le haghaidh eagraíochtaí ealaíon á fhógairt ag an Aire Humphreys

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) go bhfuil níos mó ná €400,000 de chistiú á chur ar fáil d’eagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre. Tá an cistiú á leithdháileadh mar chuid de Scéim Deontas Caipitil Beag na Roinne agus úsáidfear é chun tacú le grúpaí agus ionaid ealaíon. Bainfidh níos mó ná 60 eagraíocht tairbhe as an gcistiú, lena gcuirfear deontais de €10,000 ar a mhéad ar fáil.

Agus í ag labhairt inniu, bhí an méid seo le rá ag an Aire Humphreys:
“Tá an scéim deontas beag seo ceaptha le tacú go díreach le grúpaí agus ionaid ealaíon, a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo ó thaobh ár saol cultúrtha de. Fuarthas níos mó ná 180 iarratas i mo Roinn, rud a léiríonn an t-éileamh atá ar an scéim fhiúntach seo.

“Leis an mbabhta maoinithe seo, cuirfear deontais bheaga chaiptil ar fáil, suas go €10,000 an ceann, do níos mó ná 60 eagraíocht, le haghaidh tionscadail nuálacha agus chruthaitheacha lena n-éifeachtacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú ó thaobh ealaíona agus cultúr a chur ar fáil ina bpobail.

“Cé nach méideanna ollmhóra atá i gceist, féadann siad difir mór a dhéanamh do na heagraíochtaí iad féin. Is bealach tábhachtach é an scéim deontas beag seo chun tacaíocht dhíreach a thabhairt do ghrúpaí ealaíon áitiúla, a chuireann go mór le beocht phobail ar fud na tíre.

Mar gheall ar an téarnamh geilleagrach, bhí mé in ann an cistiú do na healaíona a mhéadú i mbliana, agus tá sé tábhachtach go mbainfidh ár n-earnáil ealaíon agus cultúir tairbhe as go leanúnach de réir mar a théann an téarnamh i dtreis.”

CRÍOCH.

Tá liosta na dtionscadal ar éirigh leo ar fáil ag:
http://www.ahg.gov.ie/ga/arts/creative-arts/grants-and-funding/arts-and-culture-small-capital-grants-scheme-2015/