Foilsithe ar 

Ráiteas i nDáil le comórtas tairisceanna Oileán Árann ÁRANN

Tá an Oifig um Sholáthar Rialtais (OSR) ag tabhairt faoi chomórtas tairisceana, thar ceann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhair conradh ceithre bliana do sheirbhís aeir go hOileáin Árann, Contae na Gaillimhe.  Chun ráitis mhíchruinne a craoladh go poiblí a cheartú, is mian leis an Roinn an méid seo a leanas a shoiléiriú:

  • Is infheistíocht shuntasach é don Roinn fóirdheontas a chur ar fáil do sholáthar seirbhís shásúil aeir go hOileáin Árann.  Tá an OSR, thar ceann na Roinne, tar éis tabhairt faoi phróiseas tairisceana de réir Airteagail 16 agus 17 de Rialachán 1008/2008 ón AE, i gcomhair conradh ceithre bliana ón 1 Deireadh Fómhair 2016.
  • Chun cloí leis an Rialachán infheidhmithe ón AE, ní mór go mbeadh an conradh fógartha sé mhí ar a laghad sula dtosóidh sé.
  • Tá cúnamh cuí curtha ar fáil ag Údarás Eitlíochta na hÉireann, an Coimisiún um Rialáil Eitlíochta agus ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i dtaca leis an bpróiseas seo.  Chomh maith leis sin, tá comhairleoirí neamhspleácha iompair aeir ar áirithíocht ag an Roinn chun comhairle a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas.
  • Tionóladh cruinnithe le hionadaithe phobail na n-oileán sular cuireadh tús leis an bpróiseas.
  • Tá na ráitis phoiblí a thugann le fios go bhfuil an Tairiscint a foilsíodh i bhfabhar cineál amháin aerárthaigh seachas ceann eile go hiomlán míchruinn.  Cuireann Dlí an AE cosc iomlán ar fhabhar a dhéanamh d’aerárthach nó do sholáthraí seirbhíse faoi leith. Braitheann na teorainneacha a chuirtear ar an gcineál aerárthaigh a ndéantar tairiscint dó ar íosriachtanas suíochán, bheith in ann bagáiste a iompar agus ar an infreastruchtúr ag na haeradróim ar na hoileáin agus agus ar an mórthír.
  • Tá ráitis phoiblí a deir gur iarr an tIarratas ar Thairiscint líon níos lú eitiltí ná an méid atá ann faoi láthair míchruinn.  Níl aon athrú.
  • Tá ráitis phoiblí a deir gur chuir an tIarratas ar Thairiscint teorainn ar an líon bagáiste is féidir a iompar míchruinn.  Níl a leithéid de theorainn curtha i bhfeidhm. Áiríonn an tIarratas ar Thairiscint riachtanas d’íosacmhainn bagáiste de 10kg in aghaidh an phaisinéara.
  • Tá méadú 11.9% ar an meántáille ceadaithe san Iarratas ar Thairiscint ó tharla go raibh fás na táille tite i bhfad taobh thiar de ráta an bhoilscithe. 
  • Ba cheart ceisteanna sonracha teicniúla a bhaineann leis an Iarratas ar Thairiscintí a chur trí shuíomh gréasáin eTenders.   

Tá próiseas tairisceana atá cóir agus trédhearcach á reáchtáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do sheirbhís aeir Oileáin Árann.   Níl sé i gceist ag an Roinn ráiteas poiblí ar bith eile a dhéanamh go mbeidh an próiseas curtha i gcrích.