Foilsithe ar 

Ráiteas ó Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin maidir le Seirbhís Paisinéirí agus Lastas Éadrom go Toraigh, 2018-2023

Ar an 08 Meán Fómhair 2017, d'fhógair mé go bhfuil an conradh don tseirbhís thuas bronnta ag mo Roinn ar Réalt na Maidne Teoranta. Tiocfaidh an conradh i bhfeidhm ar an 1 Aibreán 2018 agus mairfidh sé cúig bliana. Faoin chonradh seo, cuirfear seirbhís paisinéirí agus lastas éadrom ar fáil idir Toraigh agus Machaire Rabhartaigh ar an mórthír.

Bronnadh an conradh i ndiaidh próiseas oscailte tairisceana, a bhí fógartha ar eTenders i mí Feabhra na bliana seo. Chuir dhá chomhlacht isteach tairiscintí don tseirbhís faoin spriocdháta a bhí fógartha agus níor mhol ceann ar bith acu sin go gcuirfí soitheach nua ar fáil. I ndiaidh breithniú cuí, bronnadh an conradh ar Realt na Maidne Teoranta.

A luaithe a bheidh sé in áit, tá mé muiníneach go gcuirfidh an conradh nua seirbhís feabhsaithe ar fáil do mhuintir an oileáin. Beidh an soitheach nua a bheidh in úsáid, an Queen of Aran, ábalta seirbhís feabhsaithe a chur ar fáil ó thaobh luais, acmhainn lastais agus áiseanna. Tá athchóiriú á dhéanamh ar an soitheach i láthair na huaire sula mbeidh sé in úsáid ar an bhealach seo agus áiríonn an t-athchóiriú sin ardaitheoir, rud a thabharfaidh deis do phaisinéirí an dá deic a úsáid go furusta. Chomh maith le seirbhís chuimsitheach paisinéirí agus lastas éadrom a chur ar fáil don oileán, cuirfidh an tseirbhís nua 4 sheoladh sonrach ar fáil achan bhliain chun cuidiú le dramhábhar a thógáil den oileán - rud a bhí a déanamh buairt do phobal an oileáin. Ina theannta sin, cuirfear seirbhís nua bus ar fáil chun paisinéirí a iompar idir Machaire Rabharthaigh agus an Bun Beag, nuair a bheidh ar an soitheach an cuan sin a úsáid as siocair na drochaimsire.

Tá mo Roinnse ar an eolas faoi na dúshláin a bhíonn le sárú ag pobail bheaga ar na hoileáin. Tuigim go bhfuil dúshláin faoi leith tíreolaíocha agus mara ag baint le cuan Mhachaire Rabhartaigh. Le aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá taighde déanta ag mo Roinnse roimhe seo i gcomhar le húdaráis na hAlban agus Thuaisceart Éireann. Mhol torthaí an taighde sin, a fuair maoiniú ón AE, réiteach fadtéarmach ar an fhadhb seo, le tógáil soitheach nua. Siocair na himní is déanaí seo atá léirithe ag pobal an oileáin, tá iarrtha agam ar m’oifigigh amharc arís ar na moltaí seo le scrúdú a dhéanamh ar an fhéidearthacht a bhaineann lena gcur i bhfeidhm san fhadtéarma.
Idir an dá linn, tá mé ag déanamh socruithe chun bualadh le hionadaithe ó phobal Thoraigh gan mhoill chun an imní atá orthu a phlé.