Foilsithe ar 

Reachtaíocht á foilsiú ag an Aire Humphreys chun 46 Limistéar Oidhreachta Náisiúnta (LON) a dhí-ainmniú

Tá reachtaíocht foilsithe inniu (Dé Máirt) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, lena ndéanfar Gréasán na bPortach Ardaithe LON a athchumrú agus lena réiteofar an bealach le haghaidh dhí-ainmniú 39 bportach ardaithe ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LON) iad agus dí-ainmniú páirteach de 7 bportach ardaithe LON.

Aithnítear foilsiú na reachtaíochta mar Ghníomh 100 Lá sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“D’fhógair mé le gairid go raibh sé ar intinn agam an reachtaíocht seo a thabhairt chun cinn. Is céim thábhachtach é ó thaobh réiteach fadtéarmach a bhaint amach don lucht bainte móna, agus cinnte a dhéanamh go gcomhlíonfar oibleagáidí na hÉireann faoin Treoir um Ghnáthóga ag an am céanna.

“Leis an reachtaíocht seo déanfar moltaí an Athbhreithniú ar Líonra Limistéir Oidhreachta Nádúrtha na bPortach Ardaithe, a d’fhaomh an Rialtas in 2014, a chur i bhfeidhm. Ba é tátal an athbhreithnithe go bhféadfaí gnáthóga phortaigh ardaithe na hÉireann atá faoi bhagairt a chaomhnú ar bhealach níos éifeachtaí trí chosaint agus athchóiriú dírithe de líonra athchumraithe.

“Is iomaí buntáiste don chomhshaol a thiocfaidh as athchumrú an ghréasáin agus déanfar ceantair níos mó de ghnáthóga portaigh a chosaint leis ná mar atáthar a chosaint faoin ngréasán reatha. Chun gníomhú in aghaidh dhí-ainmniú na 46 LON, déanfar 25 phortach breise, atá faoi úinéireacht phoiblí nó ina bhfuil brú bainte móna níos lú, a ainmniú mar ghnáthóga faoi chosaint.

“Faoin ngréasán athchumraithe, beidh tuairim is 2,500 ceap talún gníomhach níos lú ann ná mar atá faoi láthair. Mar thoradh ar an reachtaíocht seo, beidh gréasán níos comhleanúnaí againn de limistéir oidhreachta nádúrtha, rud a chuirfidh níos mó le caomhnú agus athchóiriú ghnáthóga phortaigh ardaithe.”