Foilsithe ar 

Saorálaithe Athchóirithe Phríosúin Chill Mhaighneann ag freastal ar ócáid speisialta ins an Ionad nua Cuairteoirí ag Músaem Phríosúin Chill Mhaighneann

Inniu (5 Aibreán 2016) chuir Simon Harris TD, Aire Stáit le cúram speisialta um Oifig na nOibreacha Poiblí, fáiltiú speisialta ar fáil le haghaidh baill de Chumann Athchóirithe Phríosúin Chill Mhaighneann atá fós ar marthain agus a muintir; tionóladh an ócáid ins an Ionad nuachóirithe do Chuairteoirí san Iartheach Cúirte.
D’oscail an tUachtarán Mícheal D Ó hUiginn an tIonad nua Cuairteoirí ag Músaem Phríosúin Chill Mhaighneann Dé Céadaoin seo caite; tá sé ar cheann den seacht ‘Meabhrúchán Buan’ chun Cuimhneachán Céad Bliain 1916 a chomóradh. Ba é Cumann Athchóirithe Phríosúin Chill Mhaigneann an grúpa deonach a shábháil an Príosún ó lot ins na 1960í leis an obair a rinne siad.
Dúirt an tAire: "Tá fíoráthas orm aitheantas a thabhairt do ról an Chumainn Athchóirithe maidir leis an bPríosún stairiúil a shábháil ó lot. Tá trí phríomhré i stair Phríosúin Chill Mhaighneann le blianta beaga anuas. Sa bhliain 1960 chuaigh an Cumann Athchóirithe i mbun oibre i dtús; le diansaothar iliomad saorálaithe, shábháil siad ó lot é agus osclaíodh é do chuairteoirí. Sa bhliain 1986, thug siad ar láimh don Stát é; ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí mar chúram é agus tugadh chun cinn é mar láthair mhór do chuairteoirí. Anois, sa bhliain 2016, tá an tríú ré ag tosú, leis na háiseanna iontacha nua ins an Teach Cúirte mar Mheabhrúchán Buan ar Éirí Amach 1916. Ach ní fhéadfaí obair ar bith dá leithéid seo a dhéanamh gan na saorálaithe a shábháil an foirgneamh stairiúil seo an chéad lá; thaispeáin siad an bealach chun an láthair a chinneadh mar Shéadchomhartha Náisiúnta agus an suíomh iontach atá againn inniu”.
I dteannta an Aire inniu bhí Bord Cuairteoirí Phríosúin Chill Mhaighneann; cruthaíodh an grúpa seo tar éis don Stát cúram na háite a ghlacadh sa bhliain 1986 agus is acu san atá oidhreacht an traidisiúin ón Chumann Athchóirithe. Dúirt Damien Cassidy, Cathaoirleach an Bhoird: "Tá áthas orainn go n-aithníonn an tAire agus an Rialtas saothar éachtach na saorálaithe athchóirithe maidir leis an bPríosún a shábháil. Rinne siad obair mhór thar 25 bliain ó 1960 anuas. Is mór an trua nach bhfuil cuid mhór acu linn anois, ach tá athas orm go bhfuil cuid mhór eile acu fós inár measc maraon lena muintir, agus go bhfuil siad linn chun na háiseanna iontacha seo a chomóradh mar chuid den chuimhneachán ar 1916.”
I ndeireadh 2015 sheol an tAire Harris feachtas poiblí, ag iarraidh ar dhaoine a bhí ag obair ar athchóiriú an Phríosúin thar na blianta teacht chun cinn agus iad féin a chur in iúl chun go bhféadfaí a gcuid oibre a chomóradh. Dúirt an tAire inniu: “Tháinig cuid mhór daoine chun tosaigh; bhí cuid acu ag obair ar an láthair ó am go céile thar na blianta. I gcásanna eile, nuair a bhí saorálaithe imithe ar shlí na fírinne, rinne a muintir teagmháil linn agus fonn orthu go n-aithneofaí obair a ngaolta; tá áthas orainn é sin a dhéanamh”.
Mar chuid den fháiltiú thaispeáin Oifig na nOibreacha Poiblí scannán a tháinig chun solais le déanaí a thaispeánann oibrithe ag obair ar an láthair go luath ins na 1960í. Scannán é seo a dhéan an scannánaí clúiteach Leslie Crowe, imeasc scannáin faoi ghnáthshaol Bhaile Átha Cliath ins na 1950í agus na 1960í. Taispeántar sa scannán na saorálaithe Athchóirithe ag obair ar an láthair. Dúirt an tAire: "Níl amhras orm ach go n-aithneoidh cuid mhór dá bhfuil anseo inniu a seancháirde ar an scáileán agus tá súil againn go mbogfar cuimhní acu. Táimid fíorbhuíoch do mhuintir Crowe as an ábhar seo a sholathar dúinn agus tá súil againn go mbainfidh na saorálaithe Áthchóirithe agus a muintir taitneamh as an scannán a fheiceáil”.
Is aidhm don OPW, le fíorchaoin cead ó mhuintir Crowe agus Bord Cuairteoirí Phríosúin Chill Mhaighneann, an scannán a thaispeáint sa Mhúsaem, áit a bhfuil réimse earraí cuimhneacháin ó ré an athchóirithe ar taispeáint do chuairteoirí.

CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le do thoil le Colette Davis, Preas-Oifigeach OPW – fón póca 087 9475552 nó ríomhphost colette.davis@opw.ie

I ndiadh na hócáide beidh pictiúirí ar fáil ó Fennell Photography.
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí:

Cúlra:
• Thosaigh Cumann Athchóirithe Phríosúin Chill Mhaighneann ag obair sa Phríosún sa bhliain 1960, nuair a bhí an áit imithe go mór chun donais. Thug na céadta oibrithe deonacha go fial dá gcuid ama agus scileanna, ag obair leo ar feadh na mblianta; chinntigh siad gur sábháileadh an foirgneamh ó lot agus cuireadh ar coimeád é do na glúin amach anseo. Sa bhliain 1966, mar chuid de chomóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca, d’oscail an tUachtarán Éamon de Valera Príosún Chill Mhaighneann mar mhúsaem. Ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí cúram an fhoirgnimh sa bhliain 1986, chun a chinntiú go ndéanfaí é a chosaint agus a chothabháil go deo ar son an Náisiúin.