Foilsithe ar 

Seimineár ar bhainistíocht inbhuanaithe ar shuíomhanna ainmnithe á reáchtáil i gContae an Chláir

Beidh seimineár ar bhainistiú bithéagsúlacht á óstáil ag Contae an Chláir, ina ndéanfar bainistíocht suíomhanna ainmnithe a phlé, ar ceist thábhachtach í. Beidh toscaireacht mhór ón Eoraip ag an ócáid, a bheidh ar siúl in Óstán Falls, Inis Díomáin, Co. an Chláir idir Dé Máirt agus Déardaoin.

Tá an seimineár á eagrú mar chuid de thionscnamh a bhunaigh an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2011 chun cabhrú le Ballstáit suíomhanna ainmnithe a bhainistiú trí mhalairt taighde agus dea-chleachtais, agus chun cabhrú freisin le tosaíochtaí a leagan síos agus comhobair a fheabhsú. Rinneadh an chéad sheimineár Atlantach a reáchtáil san Ísiltír in 2012, agus beidh an dara ceann á óstáil ag Éirinn an tseachtain seo, i gContae an Chláir.

Beidh níos mó ná 100 toscaire as na naoi mBallstát i réigiún an Atlantaigh ag freastal air; eadhon Éire, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Bheilg, an Spáinn, an Phortaingéil agus an Danmhairg. Beidh ionadaithe don Choimisiún Eorpach i láthair, chomh maith le hionadaithe do na háisíneachtaí do chaomhantas an dúlra, eagraíochtaí feirmeoireachta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, rialtóirí, taighdeoirí agus cleachtóirí.

Ag an ócáid tabharfar aitheantas don obair atá ar siúl in Éirinn i gcomhar le páirtithe leasmhara éagsúla, agus freisin díreofar ar na dúshláin atá le sárú ag Éirinn agus na ballstáit eile. Tabharfaidh na toscairí cuairt ar Oileáin Árann, cósta Iarthar an Chláir, ceantar Bhoirne, bogaigh na Cúile agus ar deireadh Sliabh Eachtaí ar theorainn an Chláir-na Gaillimhe, chun tuiscint a fháil ar na dúshláin agus an chastacht a bhaineann leis na tírdhreacha uathúla éagsúla seo.

Agus í ag labhairt roimh an ócáid, dúirt an tAire Heather Humphreys an méid seo:
“Leis an gcomhdháil seo cuirfear deis ar fáil le háilleacht agus sócmhainní nádúrtha an chuid uathúil seo d’Éirinn a chur ar taispeáint agus beidh seans ag na toscairí tuairimí a fháil óna macasamhail ón Eoraip maidir leis an mbealach is fearr leis an mbithéagsúlacht a bhainistiú.

Creidim, trí chomhobair, comhpháirtíocht agus muinín a fhorbairt, agus leis na tacaí agus an chomhairle cheart, go bhféadfaí mórán deiseanna nua a chur ar fáil le hainmniú ar fud na hearnálacha feirmeoireachta, turasóireachta, forbartha áitiúla agus oideachais. Trí na suíomhanna ainmnithe seo a fhorbairt go hinbhuanaithe, is féidir an dúlra agus an tseandálaíocht a chosaint ag an am amháin.

“Guím go n-éirí a saothar leis na toscairí atá ar cuairt agus tá súil agam go mbainfidh siad taitneamh agus spreagadh as a dtréimhse in Éirinn. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le foireann mo Roinne as an ócáid seo, ina bhfuil ábhar machnaimh, a óstáil.”