Foilsithe ar 

Seirbhís Aeir Oileáin Árann

Tá fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, inniu (30 Samhain), go bhfuil a Roinn tagtha ar chomhaontú le Galway Aviation Services Limited (ag trádáil mar Aer Arann Islands) maidir le seirbhís aeir na n-Oileán Árann agus Aerfort Chonamara.

Faoin socrú atá déanta, tá Ceannteidil Comhaontaithe sínithe idir an cuideachta agus an Roinn faoina leagtar amach próiseas chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir leis an bpoitéinseal go gceannódh an Roinn Aerfort Chonamara.

Tá síneadh go dtí Meán Fómhair 2021 curtha leis an gcomhaontú faoina gcuirtear an t-aerfort ar fáil do sheirbhís aeir Oileáin Árann agus tá aontaithe ag Aer Arann Islands leanúint ag cur na seirbhíse aeir ar fáil suas go dtí 20 Nollaig 2018. Tabharfaidh na socraithe seo deis don dá pháirtí an próiseas idirbheartaíochta thuasluaite a chur i gcríoch sna míonna amach romhainn. Sa tréimhse sin chomh maith, eiseoidh an Roinn Iarratas ar Thairiscint láithreach i leith seirbhíse eatramhaí, faoi chonradh a mbeidh feidhm aige ó 21 Nollaig 2018 go dtí 30 Meán Fómhair 2019. Reáchtálfar próiseas tairisceana eile le linn thréimhse an chonartha gearrthéarmaí d’fhonn conradh ceithre bliana a bhronnadh.

Ag déanamh an fhógra seo, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé sásta go raibh a Roinn tagtha ar shocrú a leagann amach plean maidir le todhchaí na seirbhíse seo. “Cuirim fáilte roimh an socrú go mbeidh Aerfort na Mine ar fáil don seirbhís aeir go dtí 2021. Creidim go bhfuil slí leagtha amach anois faoinar féidir todhchaí na seirbhíse seo a chinntiú. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le mo chuid feidhmeannaigh agus foireann dlí mo Roinne as ucht an méid oibre atá curtha isteach acu sa phróiseas, le pobail na n-oileán as ucht a n-ionchuir, a dtuisceana agus a bhfoighne agus, ar deireadh, le hAer Árann agus a chuid ionadaithe as ucht a n-iarrachtaí le teacht ar réiteach”, a dúirt an tAire Stáit.