Foilsithe ar 

Seolann an Taoiseach Éire Ildánach - mórthionscnamh trasrialtais agus tionscadal a eascraíonn as Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain

I dteannta an Taoisigh, Enda Kenny TD, inniu (Déardaoin, 8 Nollaig) beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, do sheoladh Chlár Éire Ildánach. Déanfar an fógra i Seomra Shaw atá athchóirithe as an bpíosa i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Is é Éire Ildánach Clár Iarmhartach an Rialtais d'Éire 2016. Is tionscnamh cúig bliana uile-rialtais é, ó 2017 go 2022, a bhfuil straitéis folláine ina chroílár. Tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar an teacht a bhíonn ag daoine ar ghníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha i ngach contae ar fud na tíre.

Tabharfaidh Éire Ildánach tosaíocht don rochtain a bheidh ag leanaí ar na healaíona, ar cheol, ar dhrámaíocht agus ar chódú; feabhsófar soláthar cultúir agus cruthaitheachta i ngach pobal; forbrófar Éire a thuilleadh mar chroílár domhanda don scannánaíocht agus do léiriúcháin teilifíse; agus cumasófar agus tacófar le healaíontóirí agus spreagfar infheistíocht inár bhforais chultúir; agus cuirfear a thuilleadh feabhais ar ár gclú domhanda thar lear. Ó 2018, tionólfar Contae an Chultúir go bliantúil.

Tá Éire Ildánach tógtha ar ceithre chrann taca:
· Cumasú Acmhainneacht Chruthaitheach Gach Leanbh
· Cumasú Cruthaitheacht i nGach Pobal
· Infheistíocht inár nInfreastruchtúr Cruthaitheach agus Cultúrtha
· Éire mar Ionad Barr Feabhais do Léiriú na Meán
· Comhaontú ár gClú Domhanda
I measc na bpríomhthionscnamh a chuirfear i gcrích in 2017 beidh:
· Foilsiú plean cúig bliana ‘Leanaí Ildánacha’ a chuirfidh ar chumas gach leanbh teacht ar theagasc ceoil, drámaíochta, ealaíne agus códúcháin.
· Ceapfaidh gach Údarás Áitiúil Foireann Chultúir chun riachtanais áitiúla a bhrú chun cinn agus foilseoidh siad Plean Cultúir dá gcontae féin.
· Tionólfar lá nua cultúir go bliantúil, ‘Cruinniú na Cásca’, ar fud na tíre gach Luan Cásca, ag athchruthú ócáid ‘Radharc ar an Réabhlóid’ ar éirigh go han-mhaith léi agus a tionóladh i mBaile Átha Cliath i mbliana.
· Cruthóidh na Ranna Ealaíon agus Coimirce Sóisialaí meicníocht chun cuidiú le healaíontóirí féinfhostaithe a bhfuil iarratas déanta acu ar an Liúntas Cuardaitheora Poist. Scéim phíolótach a bheadh anseo.
· Clár infheistíochta beartaithe d’infreastruchtúr cultúrtha agus oidhreachta na hÉireann, lena n-áirítear ár bhforais chultúir náisiúnta
· Plean fadtéarmach ar fud an tionscail chun Éire a fhorbairt mar mhol domhanda don scannánaíocht, do dhrámaíocht teilifíse agus don bheochan.

Cinnteoidh Éire Ildánach go mbeidh leibhéal feabhsaithe comhordúcháin, fócais agus ceannaireachta ag baint le polasaithe agus tionscnaimh atá cheana féin ar fud an rialtais náisiúnta agus áitiúil, gníomhaireachtaí Stáit, earnáil na n-ealaíon agus an chultúir, eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge, agus cuirfidh sé naisc ar fáil chuig earnálacha an ghnó phríobháidigh agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha.
Agus é ag labhairt ag ócáid an lae inniu, dúirt An Taoiseach, Enda Kenny TD: “Baineann Éire Ildánach leis an gcultúr a chur i lár an aonaigh inár saol, ar mhaithe le muintir na tíre agus ar mhaithe lenár sochaí a threisiú. I dteannta a chéile, déanfaidh muid rudaí thar na bearta: beidh muid in ann a chinntiú go mbeidh Éire ar an gcéad tír ar domhan a chinntíonn go bhfuil teacht ag gach gasúr ar theagasc agus ar rannpháirtíocht san ealaín, i gceol, i ndrámaíocht agus i gcódú. Tá muid in ann áit lárnach fuinniúil don chruthaitheacht chultúrtha a dhéanamh de gach údarás áitiúil. Tá muid in ann an fhéidearthacht ollmhór atá ag muintir na tíre sna tionscail chruthaitheacha a ligean amach. Agus is féidir linn ráiteas tábhachtach a dhéanamh linn féin agus leis an domhan ar fad faoi idirspleáchas an chultúir, na féiniúlachta agus na saoránachta.

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D.: “Tháinig an t-inspioráid d’Éire Ildánach, ar tionscadal iarmhartach de chuid Éire 2016 é, ó nglacadh thar a bheith fonnmhar a bhí ag an bpobal le Clár Comórtha an Chéid. Tionóladh na mílte imeachtaí cultúrtha ar fud na tíre i mbliana, agus tháinig daoine le chéile ag léiriúcháin chomhroinnte ar ár bhféiniúlacht, ár gcultúr agus ár saoránacht ina raibh meascán den stair, de na healaíona, den oidhreacht agus den teanga. Tá muid anois ag iarraidh tógáil ar rath na n-ócáidí cuimhneacháin agus pleanáil go huaillmhianach dár n-earnálacha ealaíon agus cultúir do na blianta amach romhainn. Cinnteoidh Éire Ildánach go mbeidh deis ag leanaí páirt a ghlacadh sna healaíona ó aois óg, agus spreagfaidh sé rannpháirtíocht chultúrtha i ngach contae ar fud na tíre. Táimid ag iarraidh go mbeidh Éire ina mol domhanda don léiriúchán scannán agus teilifíse, agus infheistíocht a dhéanamh inár bhforais chultúir ag an am céanna. Cuireann Éire Ildánach an cultúr agus an chruthaitheacht i gcroílár an pholasaí phoiblí, rud a rachaidh chun sochair d’ealaíontóirí agus do shaoránaigh ar fud na tíre. Tá an tionscnamh polasaí poiblí thar a bheith uaillmhianach seo ar cheann de na cinn is suntasaí d’earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir le fada an lá.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD: “Nuair a phléann muid infheistíocht chaipitil ní mór dúinn cuimhneamh go bhfuil níos mó i gceist ná foirgnimh. Caithfidh muid smaoineamh go príomha ar infheistíocht i gcaipiteal daonna agus i gcruthaitheacht dhaonna. Aithníonn an Rialtas go bhfuil bonneagar ardchaighdeáin ríthábhachtach d’earnáil bheoga ealaíon agus cultúir agus go bhfuil infheistíocht den sórt sin mar bhonn agus taca ag comhtháthú sóisialta agus go dtacaíonn sé le fás eacnamaíoch láidir inbhuanaithe. Táim ag tnúth le pleananna forbartha samhlaíocha uaillmhianacha a fheiceáil dár bhforais chultúir go léir ina mbeidh fócas soiléir ar chaipiteal cruthaitheach agus an maitheas a dhéanann ár bhforais chultúir, taobh amuigh dá bhfoirgnimh fhisiciúla.”