Foilsithe ar 

Seolann an tAire Madigan ‘Ceiliúradh agus Comóradh Céad Bliain 1916 - 1916 Centenary Commemorations and Celebrations’, leabhar d’óráidí téamúla le hUachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn

Bhí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., mar bhean an tí do sheoladh ‘Ceiliúradh agus Comóradh Céad Bliain 1916 - 1916 Centenary Commemorations and Celebrations’ inniu (12 Nollaig). Is leabhar é d’óráidí a bhaineann le téama 1916 a thug Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn.
Chuir an tAire fáilte roimh an bhfoilseachán mar bhailiúchán fiúntach agus luachmhar ina bhfuil 35 óráid leis an Uachtarán Ó hUiginn, ar tugadh iad ó cheann ceann na tíre i rith tréimhse 2 bhliain a bhain le croíbhliain chuimhneacháin 2016 ag imeachtaí áitiúla agus náisiúnta araon.
Dúirt an tAire: “Tá go leor machnamh smaointeach sa leabhar seo ar théama an chuimhneacháin. Cuireann an machnamh siúd, anuas ar léargas, comhbhrón agus dóchas iontach, eolas ar fáil do na hóráidí agus déanann gach óráid cumarsáid, dá bharr, le lucht éisteachta fairsing. Is áit iomlán oiriúnach í Ard-Oifig an Phoist, croílár ár Stáit nua-aimseartha neamhspleách, chun an bailiúchán seo a sheoladh d’óráidí machnamhacha agus smaointeacha an Uachtaráin ar théama an chuimhneacháin i gcaitheamh na tréimhse céad bliain ó bhí Éirí Amach 1916 ann”.
Dúirt an Taoiseach le déanaí, “is iad na cuimhneacháin is fearr na cinn a úsáideann an t-am atá caite chun oideachas a chur orainn faoin am i láthair chun gur féidir linn dícheall a bhaint chun todhchaí níos fearr a bhaint amach dúinn féin”. Cuireann an ghné choiteann i measc na n-óráidí a thug an tUachtarán an dearcadh seo in iúl, agus creideann an tUachtarán go docht daingean go mbaineann tábhacht le ‘cuimhneamh eiticiúil’ mar bhunchloch agus acmhainn ríthábhachtach “lena chur ar ár gcumas oibriú as lámh a chéile san am i láthair”.
Chuir Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh Emeritus le Stair ag OÉ, Gaillimh an leabhar i láthair le linn dó bheith ag trácht air. Aithnítear Gearóid go forleathan mar intleachtóir an-ildánach, bríomhar, léannta agus cumasach.
Rinne an Roinn an leabhar a tháirgeadh i gcomhoibriú le hOifig an Uachtaráin agus leis na comhpháirtithe BigO Media agus Clódóirí Impress. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce mar Ríomhleabhar ó www.president.ie ón lá inniu.


Nótaí d’Eagarthóirí:

1. Tá an leabhar ar an tionscnamh deiridh a bheartaítear i gClár Éire 2016 a raibh an-rath air agus a raibh an-ghlacadh leis faoi chlár cuimhneachán Dheich mbliana na gCuimhneachán 2012-2023 faoi stiúir an Aire Madigan thar ceann an Rialtais.

2. Baineann an tAire taitneamh as tacaíocht, comhairle agus dea-abhcóideacht Shain-Ghrúpa Comhairleach na gCuimhneachán Céad Bliain agus Grúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí na gCuimhneachán chun eolas a thabhairt do phleanáil agus forbairt an chláir.

3. Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus roinnt comhpháirtithe, go háirithe na húdaráis áitiúla, agus páirtithe leasmhara eile a bhfuil cuntas teiste láidir cheana féin acu i dtaobh an clár a sholáthar go dtí seo, an clár ar fáil.

4. Tá súil ag an Aire go leanfaidh siad leis an gclár a sholáthar fad a dhruideann céim an-éagsúil le Deich mBliana na gCuimhneachán a chumhdaíonn an cuimhneachán céad bliain ar mheascán de gharspriocanna suntasacha ar aistear na hÉireann chun neamhspleáchas iomlán a bhaint amach agus roinnt gnéithe an-chonspóideacha, casta agus íogaire.