Foilsithe ar 

Sheol an tAire Josepha Madigan rochtain nua ar-líne ar bhailiúcháin Leabharlann Chester Beatty

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., suíomh gréasáin nua (https://chesterbeatty.ie) inniu, (5 Nollaig), a thabharfaidh rochtain ar-líne ar bhailiúcháin Leabharlann Chester Beatty a bhfuil clú domhanda orthu.

I measc na rudaí atá ar an ngréasán nuafhorbartha, tá eolas cuimsitheach ar thaispeántais agus ar chláir phoiblí chomh maith le bunachar inchuardaithe d’íomhánna digiteacha ardtaifigh ó bhailiúchán an mhúsaem. De bharr na saothair ealaíne agus na lámhscríbhinní digiteacha a bheith ar líne, is féidir le duine ar bith, in áit ar bith, mórshaothair Chester Beatty, atá ann leis na mílte bliain, a fheiceáil aghaidh ar aghaidh i bhfoirm ardtaifeach.

Tá digitiú déanta ar bheagnach 2000 saothar ó Bhailiúcháin Chester Beatty-is tionscnamh leanúnach é agus cuirfear tuilleadh íomhánna leis ar bhonn laethúil. Tá na híomhánna seo, lena n-áirítear taifid chatalóige léannta, ar fáil ar líne do mhic léinn, do scoláirí, do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne. Is féidir íomhánna a íoslódáil saor in aisce ón suíomh, le haghaidh úsáid neamhthráchtála. Beidh buntáistí móra ann do thaighdeoirí agus do oideachasóirí leis an suíomh gréasáin nua agus leis an taisclann.

Dúirt an tAire Madigan: “Cosúil le leabharlanna agus músaeim ar fud an domhain, ní féidir le Leabharlann Chester Beatty a bhailiúchán iomlán a thaispeáint ag aon am amháin. Cuireann digitiú na saothar, rochtain níos fearr ar fáil ar bhailiúcháin iomláin, seachas iad atá ar taispeáint. Tá an áis seo ina bhuntáiste mór ní amháin don scoláire ach don pháiste scoile”.