Foilsithe ar 

Stair dhearscna na hÉireann ó thaobh forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn le bheith ina fhócas ag ócáid chuimhneacháin speisialta in ómós do Ruairí Mac Easmainn

Dé Céadaoin, an 3 Lúnasa, beidh Éire 2016, Cúnamh Éireann agus Óglaigh na hÉireann ag comóradh an méid a rinne Ruairí Mac Easmainn do chearta daonna idirnáisiúnta trí lá oscailte saor in aisce a óstáil ag Aeradróm Mhic Easmainn i mBaile Dhónaill, ó 11am go 5pm.
Leis an ócáid speisialta seo, a bheidh ar siúl cothrom an lae a cuireadh Mac Easmainn chun báis i bPríosún Pentonville, tabharfar deis uathúil don phobal rochtain a fháil ar an aerbhunáit, áit ar fhill a chorp ar Éirinn ar eitleán sa bhliain 1965. Beidh an áit seo, a bhíonn dúnta don phobal de ghnáth, athruithe go mór don ócáid, le stalla, láithreacha do phicnicí agus áiteanna súgartha do leanaí, agus scata mór gníomhaíochtaí do chách, idir óg is aosta. Beidh feithiclí míleata, aerárthaigh seanré agus earraí cuimhneacháin neamhchoitianta ar taispeáint le linn an lae, chomh maith le taispeántais speisialta cumais an airm, le baill den Aerchór agus Óglaigh na hÉireann.
Déanfar clár, a coimeádadh go speisialta, de thaispeántais agus cainteanna faoi Ruairí Mac Easmainn, ina ndíreofar go háirithe ar a oidhreacht mar dhaonnúlach idirnáisiúnta, a reáchtáil ar feadh an lae. Beidh aoichainteoirí as cuid de na gníomhaireachtaí forbartha is mó a bhfuil meas orthu in Éirinn ag glacadh páirte i bplé painéil faoi stiúir an láithreoir Sean O’Rourke, faoi na saincheisteanna agus na dúshláin atá le sárú acu siúd atá ag obair ar mhaithe le cearta daonna idirnáisiúnta sa lá atá inniu ann.
Dúirt an tAire Stáit don Diaspóra agus don Chúnamh Forbartha Thar Lear, Joe McHugh T.D., a bheidh ag freastal ar ócáid an lae inniu, an méid seo a leanas:
“Is iomaí ócáid a cuireadh ar bun cheana le Ruairí Mac Easmainn a chomóradh, in Éirinn agus ar fud an domhainn, éascaithe ag líonra ár nAmbasáidí. Léiríonn an tsuim atá ag daoine i saol agus oidhreacht Ruairí Mhic Easmainn a thabhairt chun cuimhne an tionchar a bhí aige agus é ag troid ar son chearta daonna na ndaoine sin a bhí ligthe i ndearmad agus fágtha ar an imeall ag lucht an údaráis. Inniu, tá a oidhreacht mar dhaonnúlach idirnáisiúnta á ceiliúradh.

Tá an mian céanna a bhí i Ruairí Mac Easmainn aghaidh a thabhairt ar neamhionannas sa domhan léirithe chomh maith ag glúinte de mhuintir na hÉireann. Tá clár Cúnamh Éireann an Rialtais bunaithe ar thraidisiún misinéireachta na hÉireann agus le blianta fada tá cuidiú á thabhairt ag Cúnamh Éireann do na daoine is leochailí sa domhan. Tá stair láidir ag Éirinn fosta ó thaobh an tsíocháin a choimeád leis na NA, agus tá cáil orainn as cearta daonna a chur chun cinn.

Agus oidhreacht Mhic Easmainn á tabhairt chun cuimhne againn inniu, ba mhaith liom fosta moladh a thabhairt do na baill de diaspóra na hÉireann atá ag cur go mór le forbairt thar lear agus do bhaill na nÓglach atá ar fiannas thar lear ar misin coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe.”

Beidh an taispeántas ‘Casement: A Revolutionary Journey’ le feiceáil, ina mbeidh déantúsáin uathúla as misin Mhic Easmainn thar lear, agus cloisfidh an lucht éisteachta taibhiú beo de shliochtanna óna óráid cháiliúil sa chúirt.
Beidh seastáin ag na gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí seo a leanas ag an ócáid: Cúnamh Éireann, Tearfund Éireann, Ionad Léinn Forbartha Chamaí, Habitat for Humanity Ireland, Cumann Croise Deirge na hÉireann, World Vision Ireland, UNICEF Éireann, Trócaire, Gorta Self-Help Africa, Plan International, A Partnership with Africa, Oxfam Éireann, Comhlámh.
Cuireadh na ticéidí don ócáid speisialta seo in áirithe go beo chomh luath is a bhí siad ar fáil, agus tá os cionn 5,000 duine cláraithe le freastal ar an lá. Ar an drochuair, mar gheall ar an spás teoranta ar an láthair, tá na ticéidí go léir dáilte.