Foilsithe ar 

Tascfhórsa Geilleagair Oíche nua atá bunaithe fógartha ag an Aire Martin

“Fóram fuinniúil a bheidh sa Tascfhórsa seo chun réitigh nuálacha a lorg ar na dúshláin atá roimh an tionscal” – Martin

 

Tá sé fógartha ag Catherine Martin T.D., an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, inniu go bhfuil Tascfhórsa nua bunaithe faoina mbeidh réimse Ranna, Gníomhaireachtaí agus grúpaí ag obair in éineacht chun cultúr agus geilleagar oíche inbhuanaithe agus bríomhar a chur chun cinn agus a fhorbairt.

 

Is éard a dúirt an tAire Martin inniu:Gealltanas tábhachtach a tugadh i gClár an Rialtais é bunú an Tascfhórsa Geilleagair Oíche seo agus tá ríméad orm go mbeidh mo Roinnse i gceannas agus i mbun an tionscnaimh seo.  Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag obair i gcomhar le gach páirtí cuí lena n-áirítear Príomh-Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais.   Táim ag iarraidh réitigh a mbaineann smaointeoireacht chruthaitheach agus nuálach leo a fháil ar na dúshláin atá roimh an ngeilleagar oíche agus tá mé ag iarraidh go ndéanfar gach deis a fhiosrú agus an leas is fearr a bhaint aisti. Tá áthas orm gur aontaigh Sunil Sharpe ó Give us the Night a bheith páirteach sa Tascfhórsa, mar aon le hArd-Mhéara Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ard-Mhéara Chathair Chorcaí, a bhfuil maoirseacht déanta cheana acu ar go leor den obair sa réimse seo.   Meastar go dtabharfaidh Give us the Night agus an dá Údarás Áitiúil cur i láthair ar an bhfís atá acu agus ar an obair atá déanta acu go dtí seo ag céad chruinniú an Tascfhórsa.”

 

Dúirt an tAire Martin chomh maith: Tá mé ag iarraidh ar an Tascfhórsa dul i mbun dianphróiseas rannpháirtíochta páirtithe leasmhara le gach earnáil chuí agus páirtí leasmhar a bhfuil ról mór acu sa gheilleagar oíche lena chinntiú go mbeidh gach tuairim agus smaoineamh breithnithe ag an Tascfhórsa.  Cé nach mbeidh gach páirtí leasmhar in ann a bheith ar an Tascfhórsa, is féidir leo a bheith cinnte de go dtabharfar cluas dá gcuid tuairimí agus gur cuid thábhachtach den phróiseas a bheidh ansin".

 

Dúirt sí chomh maith:Tá srian ollmhór curtha ag Covid 19 ar ghrúpaí daoine a bheith ag teacht le chéile agus bhí sin tubaisteach do gheilleagar oíche agus cultúr ár gcathracha, bailte agus sráidbhailte.  De réir mar a bheidh an geilleagar ag oscailt suas sna míonna amach romhainn áfach (ag brath ar an gcomhairle reatha sláinte) caithfidh an tionscal a bheith ullamh le dul i mbun gnó arís agus a laghad bac agus is féidir a bheith ann le go mbeidh siad ábalta fás agus forbairt a dhéanamh.  Beidh an Tascfhórsa seo in áit mhaith leis na dúshláin go léir atá roimh chultúr agus geilleagar oíche bríomhar a fhorbairt a mheas mar rialacháin, dlíthe ceadúnaithe, iompar agus éagsúlacht gníomhaíochtaí cultúir i measc saincheisteanna eile.”

 

Tiomantas sa bhreis é seo ar obair a rinneadh cheana féin sa bhliain 2019 agus níos luaithe i mbliana i ndáil leis an tionscadal seo.  An Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Tascfhórsa seo agus tiocfaidh siad le chéile sna seachtainí amach romhainn. Táthar ag súil go gcuirfear tuarascáil faoi bhráid an Aire laistigh de shé mhí ón gcéad chruinniú agus go mbeidh sé mholadh beartais iontu.

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Tascfhórsa maidir leis an nGeilleagar Oíche

 

Ballraíocht

  • Give us the Night
  • Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath
  • Ard-Mhéara Chorcaí
  • An Chomhairle Ealaíon
  • Cathaoirleach Chomhairle na nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir
  • Cathaoirleach Oifigigh Ealaíon na nÚdarás Áitiúil
  • Cathaoirleach an CCMA
  • An tÚdarás Náisiúnta Iompair
  • An Garda Síochána
  • Fáilte Ireland
  • An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
  • An Roinn Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
  • An Roinn Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Iompair
  • An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
  • An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
  • An Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta (Cathaoirleach)

 

Téarmaí Tagartha

  1. Fís i ndáil le héiceolaíocht oíche bhríomhar a fhiosrú agus a shainiú inár gcuid cathracha agus bailte atá éagsúil agus uilechuimsitheach.
  2. Modúil idirnáisiúnta den dea-chleachtas a aithint.
  3. Dul i mbun dianphróiseas rannpháirtíochta páirtithe leasmhara le gach earnáil chuí agus páirtí leasmhar a bhfuil ról mór acu sa gheilleagar oíche lena chinntiú go mbeidh gach tuairim agus smaoineamh breithnithe ag an Tascfhórsa.  Áireofar sa phróiseas seo cruinnithe le príomhpháirtithe leasmhara chomh maith le glao ar aighneachtaí ó pháirtithe a bhfuil spéis acu ann.
  4. Dul i mbun gníomh mapála ionad mionsonraithe leis na húdaráis áitiúla agus comhpháirtithe san earnáil cultúir.
  5. An t-eolas ar thionscadail phíolótacha reatha a chríochnú agus a lorg (DCC agus CCC) agus tionscadail phíolótacha eile a thionscain i gceantair thuaithe d'fhonn aon dúshláin eile atá roimh pobail thuaithe a fháil amach.
  6. Cur leis an taithí maidir leis na tionscadail phíolótacha féachaint ar choistí áitiúla a bhunú chun ábhar siamsaíochta agus cruthaitheachta oíche i gceantair uirbeacha eile a chur chun cinn agus a fheabhsú
  7. Dul i mbun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an rialacháin agus ar an gcreat beartais a rialaíonn an cultúr oíche atá againn ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil.
  8. Béim a leagan ar phríomhdhúshláin eile a tháinig chun cinn ó na tionscadail phíolótacha agus na srianta reatha a bhaineann le Covid 19 agus réitigh/gníomhartha tús áite a aithint, ach gan a bheith teoranta dóibh, i leith:
    • Iompar
    • Ordú Poiblí
    • Éagsúlacht i leith Gnéithe Cultúir
  9. Moltaí a dhéanamh don Aire maidir le Polasaí ar an nGeilleagar Oíche a fhorbairt.