Foilsithe ar 

Teach Chill Airne á oscailt go hoifigiúil don phobal ag an Aire Humphreys agus an Aire Griffin

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, in éineacht leis an Aire Stáit le freagracht as Turasóireacht agus Spórt, Breandán Ó Grifín TD, Teach Chill Airne a oscailt go hoifigiúil don phobal inniu (Dé Luain). D’fhógair an tAire a bhí ann ag an am, Jimmy Deenihan, an tionscadal €10 milliún sa bhliain 2011 agus bhí clár mór athchóirithe don Teach agus dá thailte agus gairdíní ornáideacha mar chuid de. Comhoibriú a bhí sa tionscadal le hOifig na nOibreacha Poiblí mar bhainisteoirí tionscadail agus le Fáilte Éireann.

 

Tá trí phríomhsheomra an tí, atá curtha ar ais mar a bhí an lá ab fhearr iad, ar oscailt don phobal anois den chéad uair; an Seomra Bia, an Seomra Suí/Leabharlann agus an Parlús. Tá an Teach á fhorbairt mar phríomhionad cuairteoirí agus léirmhínithe na Páirce Náisiúnta, ina dtarraingeofar aird ar áilleacht, shaibhreas agus shuntas thírdhreacha, ghnáthóga, fhlóra agus fhána na Páirce, agus ina n-inseofar an scéal faoin nasc idir daoine agus an Pháirc leis na céadta bliain anuas. 

 

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

 

“Tá lúcháir orm bheith anseo inniu le Teach Chill Airne, atá athchóirithe go hálainn, a oscailt go hoifigiúil don phobal, rud a chuirfidh go mór leis an turasóireacht shaibhir atá ar fáil sa bhaile cheana. Tá láthair an tí fíor-álainn, agus is léir go bhfuil tóir mhór ag cuairteoirí agus lucht na háite araon ar na gairdíní ornáideacha cheana. Is láthair uathúil í chomh maith agus níl aon amhras orm ná go gcuideoidh sí le cuairteoirí atá ag fanacht sa bhaile a mhealladh go tailte fairsinge na Páirce Náisiúnta. 

 

“Is iontach príomhsheomraí an Tí a fheiceáil agus iad ar oscailt don phobal den chéad uair anois ag an tréimhse is gnóthaí de shéasúr an tsamhraidh. Leanfar ar aghaidh leis an obair ar Ionad Cuairteoirí na Páirce Náisiúnta sa Teach, a bheidh ina dhíol spéise eile ag cuairteoirí nuair a bheidh sé críochnaithe agus a chuirfidh deis den scoth ar fáil le suntas agus tábhacht oidhreacht nádúrtha Chill Airne agus Chiarraí a mhíniú. 

 

“Tá áthas orm a fhógairt inniu freisin go bhfuil comhpháirtíocht aonaithe idir Ionad Nua-Ealaíne na hÉireann agus mo Roinnse chun a bhailiúcháin a chur ar taispeáint i dTeach Chill Airne agus is sampla iontach é seo den bhealach ar féidir leis na Forais Chultúrtha Náisiúnta iad féin a chur ar fáil do dhaoine níos faide ó bhaile.

 

“Tá sé mar aidhm ag Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe an turasóireacht tuaithe a mhéadú 12% sna trí bliana atá amach romhainn. Rinneadh infheistíocht shuntasach Stáit i dTeach Chill Airne, agus bhí comhobair i gceist le Ranna agus gníomhaireachtaí éagsúla. Is cloch mhíle é an lá inniu do bhaile Chill Airne, a bhí ag iarraidh le fada go ndéanfaí an Teach a athchóiriú agus a úsáid ar mhaithe leis an bpobal agus leis an ngeilleagar áitiúil. Is sampla den scoth é an tionscadal seo den bhealach ina gcuireann infheistíocht inár n-oidhreacht nádúrtha agus thógtha go dearfach le turasóireacht inbhuanaithe.”

 

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit Ó Grifín:

“Táim sásta go bhfuil Teach Chill Airne oscailte don phobail anois. Is iontach an áis bhreise é do Chill Airne agus cuireann sé leis an méid atá ar fáil do thurasóirí i gCiarraí.   Is sampla é infheistíocht €5.2m Fháilte Éireann i dTeach Chill Airne de thiomantas an Rialtais d'fheabhas a chur ar an turasóireacht trí infheistiú sna príomhshuíomhanna oidhreachta.   Cuireann Teach agus Gairdíní Chill Airne, atá achar gairid siúil ó lár an bhaile, rud breise ar fáil do thurasóirí agus is nasc ríthábhachtach é idir an baile agus an Pháirc Náisiúnta.  Anuas air sin, is rud eile é do chuairteoirí atá ag déanamh a mbealaigh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.  Tháinig níos mór turasóirí ná riamh anseo in 2016 agus tá an chosúlacht air go mbeidh 2017 chomh láidir céanna.   Ceann de na rudaí a chuireann leis an rath seo ar an turasóireacht is ea an infheistíocht inár suíomhanna oidhreachta, leithéid Theach Chill Airne.