Foilsithe ar 

Téigh siar sna blianta go hÉirinn na bliana 1916 agus féach ar na himeachtaí díreach mar a tharla siad i dtaispeántas fíor-ama ar líne atá cruthaithe ag Century Ireland

Tháinig an tAire Heather Humphreys le chéile inniu (Dé Máirt, an 26 Eanáir) leis an Ollamh Mike Cronin (Stiúrthóir Acadúil, Boston College) agus Glen Killane (Stiúrthóir Bainistíochta Teilifíse, RTÉ) chun taispeántas nua ar líne faoi 1916, cruthaithe ag Boston College/Century Ireland, a sheoladh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Cruthaíodh an taispeántas ar líne go speisialta d’Éire 2016, agus tá íomhánna agus píosaí scannáin as an gcartlann ann nach bhfacthas riamh roimhe, chomh maith le hailt a coimisiúnadh go speisialta ina n-instear scéalta ceilte 1916.
Ó bhí 2016 ann tá Boston College ag obair le RTÉ agus na Forais Chultúrtha Náisiúnta chun nuachtán fíor-ama ar líne, Century Ireland, a chruthú, atá ar fáil ag an nasc seo: www.rte.ie/centuryireland.
Ar an suíomh tá:
· Gnéithe a bhaineann le 1916, lena n-áirítear scrios na cathrach, mná 1916, an tréimhse roimh an éirí amach, muintir na Breataine sa bhliain 1916 agus go leor leor eile. Rinneadh na píosaí seo a choimisiúnú go speisialta ó raon leathan staraithe iomráiteacha as gach cearn den chruinne.
· Gailearaithe de phictiúir lena dtaispeántar íomhánna ón bhliain 1916 agus bailiúcháin nua-dhigitithe ó na forais chultúrtha náisiúnta.
· Tuairisciú faoi na príomh-dhaoine agus príomh-áiteanna i 1916, le scannáin a coimisiúnadh go speisialta faoi na sínitheoirí agus faoi na láithreacha atá tábhachtach ó thaobh na staire de.
· Ábhar cartlainne ó Century Ireland agus RTÉ - idir ábhar físe agus closábhar - ina bhfuil agallaimh le daoine a bhí páirteach san Éirí Amach chomh maith le píosaí comhthéacsúla faoi chuimhneacháin 2016.
· Ábhar speisialta do scoileanna ón Roinn Oideachais, lena n-áirítear déantúsáin a bhaineann le 1916 ó na forais chultúrtha náisiúnta agus pleananna ceachta d’aoiseanna éagsúla.
I mí an Mhárta, le linn chuimhneacháin sheachtain na Cásca, beifear ag tvuíteáil beo i bhfíor-am faoi imeachtaí 1916 ar an suíomh. I gcomhar lenár gcomhpháirtithe in RTÉ déanfaimid stair 1916 a chur ar taispeáint chomh maith le himeachtaí cuimhneacháin 2016.
Ag labhairt di ag an seoladh, bhí an méid seo le rá ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD: “Tá catalóg ar líne gan sárú á chur ar fáil ag Century Ireland ar feadh dheich mbliana na gcuimhneachán le tuairiscí nuachta iontacha i bhfíor-am agus ábhar eile a bhaineann leis na himeachtaí céad bliain ó shin. Tá lúcháir orm go raibh mo Roinn in ann tacú leis an bhfiontar seo; acmhainn ar líne tiomnaithe do 1916. Is díol spéise faoi leith é an t-ábhar cartlainne ó thréimhse an Éirí Amach agus an méid a thit amach ina dhiaidh. Is bealach iontach eile é an suíomh seo chun cur leis an raon leathan d’ábhar digiteach atá ag teacht ar líne mar chuid d’Éire 2016, a chuidíonn linn ár stair a chur i láthair an lucht féachana is mó is féidir.”
Chun blas a fháil den méid atá ar bun againn, féach ar shuíomh Century Ireland www.rte.ie/centuryireland, ar ár suíomh atá tiomnaithe do na Gaeil in Gallipoli www.rte.ie/gallipoli, a bhfuil gradaim buaite aige, nó ar shuíomh 1916 anseo http://www.rte.ie/centuryireland/index.php/easterrising
Is tionscadal uathúil é seo don stair dhigitithe i bhfíor-am agus bhí comhar le comhpháirtithe éagsúla i gceist leis chun beocht a chur i nDeich mBliana na gCuimhneachán - is mórthionscadal oidhreachta é don stát mar go meascann sé imeachtaí ón tréimhse 1913-23 agus cartlannú chuimhneacháin na tréimhse 2013-23. Feidhmíonn sé freisin mar thairseach aonair ina gcruinnítear le chéile na hábhair go léir as na forais chultúrtha náisiúnta éagsúla.

Nótaí do na hEagarthóirí
Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann. Tá sonraí uile Éire 2016 le fáil ag www.ireland.ie.
Tá Century Ireland á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus is é an taisclann ar líne é do Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tacaítear leis le fothú laethúil ar twitter @CenturyIRL agus ar an leathanach Facebook, Century Ireland.