Foilsithe ar 

Tionólann an tAire Humphreys Idirphlé Earnála ar an mBreatimeacht sa Chabhán

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, ag cur Idirphlé Earnála na Roinne ar Bhreatimeacht i láthair inniu (Dé Luain) in Óstán Kilmore, Co. an Chabháin. Cuireann an t-idirphlé deis ar fáil don Aire agus dá hoifigigh éisteacht go díreach le páirtithe leasmhara in earnálacha ar a bhfreastalaíonn a Roinn maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Breatimeacht orthu.

Is iad na príomhábhair atá á bplé: cultúr agus an Ghaeilge; oidhreacht agus caitheamh aimsire faoin aer; gnóthais bheaga agus mheánmhéide réigiúnacha; an tionchar ar phobail na teorann agus an tionchar ar phobail eile faoin tuath. Labhróidh ionadaithe ó na heagraíochtaí seo a leanas ag an gcruinniú: an Chomhairle Ealaíon; Uiscebhealaí Éireann; IBEC; an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn agus Nasc Tuaithe na hÉireann, chomh maith le réimse páirtithe leasmhara eile.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is é imeacht an lae inniu an ceann is deireanaí i sraith de chruinnithe Idirphlé Earnála atá á reáchtáil ag Airí chun ullmhú do thionchar an Bhreatimeachta. Feicim cruinniú an lae inniu mar dheis éisteachta; táim ag iarraidh cloisteáil go díreach ó na príomhpháirtithe leasmhara ar fud shainchúram leathan mo Roinne. Is é aidhm imeacht an lae inniu príomhcheisteanna agus an príomhábhar is cúram dóibh siúd atá ar an líne thosaigh ar fud earnálacha na n-ealaíon, an chultúir, na Gaeilge, gnóthaí tuaithe agus oidhreachta a chur in iúl agus na tuairimí sin a thabhairt ar ais chuig an Rialtas.

“Breathnóimid freisin ar na tionchair faoi leith a bheidh ag an mBreatimeacht ar cheantar na teorann agus pléifimid na dúshláin agus na deiseanna a thiocfaidh chun cinn do na gnóthais bheaga agus mheánmhéide réigiúnacha. Tá ullmhúchán an Rialtais don Bhreatimeacht bunaithe ar chomhairliúchán; anailís agus tosaíocht; agus rannpháirtíocht. Is iad ár bpríomhthosaíochtaí i gcónaí ná an tionchar ar thrádáil agus ar ár ngeilleagar a íoslaghdú; Próiseas na Síochána a chosaint; an Comhlimistéar Taistil a choinneáil agus tionchar a imirt ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh.

“Inniu beimid ag cur ceist ar rannpháirtithe an raibh tionchar ag an mBreatimeacht cheana féin ar a n-eagraíocht nó ar a n-earnáil; céard iad na tionchair a bhféadfaimid a bheith ag súil leo, agus ar cheart dúinn a bheith ag súil leo, amach anseo agus céard iad na gníomhaíochtaí ar féidir leis an Rialtas tabhairt fúthu sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun déileáil le tionchar an Bhreatimeachta.

“D'fhoilsigh mé an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe le déanaí agus déantar iarracht leis sin a chinntiú go mbeidh forbairt réigiúnach níos cothroime ann agus go saibhreofar an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta ar fud cheantar na tuaithe ag an am céanna. Bainfimid é sin amach trí thacú le 135,000 post nua a chruthú faoin tuath in Éirinn faoi 2020, trí infheistiú i 600 baile agus sráidbhaile sna trí bliana atá amach romhainn, trí Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh a fhorbairt; trí líon na gcuairteoirí ar cheantair tuaithe a mhéadú 12% agus trí réimse beart eile ar fud an Rialtais.

“Leagtar amach go soiléir sa Phlean Gníomhaíochta na dúshláin atá le sárú faoin tuath in Éirinn mar thoradh ar an mBreatimeacht. É sin ráite, d’fhéadfadh deiseanna suntasacha teacht chun cinn freisin sna hearnálacha, lena n-áirítear earnáil na déantúsaíochta agus earnáil an airgeadais. Beidh bailte tuaithe agus na ceantair máguaird in áit mhaith chun na deiseanna seo a thapú, le cúnamh ón teicneolaíocht dhigiteach.

“Is é Éire Ildánach straitéis uaillmhianach cúig bliana an Rialtais don chultúr agus don chruthaitheacht. Mar chuid d’idirphlé an lae inniu freisin, cuirfear deis ar fáil chun breathnú ar an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir; mar shampla na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith le sárú maidir le comhiarratais ar mhaoiniú AE le heagraíochtaí sa Ríocht Aontaithe.”