Foilsithe ar 

Tugann an tAire Humphreys aitheasc d’Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain ar Éire 2016

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Sathairn) ag tabhairt aitheasc d’Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Chuir an tAire Humphreys béim ar an ngné idirnáisiúnta den chlár, a bheidh ag freastal ar Éireannaigh ar fud an domhain.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Cuireann Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain deis ríthábhachtach ar fáil teagmháil a dhéanamh leis an Diaspóra agus insint dóibh faoinár bpleananna do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca an bhliain seo chugainn. Téann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain i bhfad ó bhaile agus beidh sé ag freastal ar dhaoine ar fud an domhain agus muid ag cuimhneamh ar na himeachtaí ríthábhachtacha a mhúnlaigh an náisiún seo.

“Ó sheolamar Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain i mí an Mhárta, tá méid mór dianoibre cruthaithí curtha i gcrích agus muid ag obair as lámha a chéile ar fud an Rialtais agus ag leibhéal an phobail – sa bhaile agus trínár ngréasán ambasáidí thar lear - agus muid ag iarraidh brí agus anam a chur sa chlár seo.

“Is cuid lárnach d’imeachtaí na bliana seo chugainn an snáithe Domhanda agus Diaspóra d’Éire 2016 agus leathnaíonn sé ár gceiliúradh ar shaolú an Stáit neamhspleách seo amach chuig daoine ar fud an domhain. Cinnteofar go gcuimhneoimid agus go dtabharfaimid ómós do mhór-ionchur an Diaspóra i saol na tíre seo ó 1916 go dtí an lá atá inniu ann.

“Tá nasc díreach ag roinnt cathracha idirnáisiúnta le hÉirí Amach na Cásca - mar shampla, chaith roinnt de na príomh-rannpháirtithe am i Nua-Eabhrac sa tréimhse roimh imeachtaí 1916 - agus beidh na cathracha seo ina bpointí fócais sa chlár cultúir domhanda. Tá an-áthas orm a rá go bhfuil clár lán éagsúlacht agus saibhreas curtha i dtoll a chéile ag Cultúr Éireann, i mo Roinn féin, agus go mbeidh sé sin ina chion tairbhe cuí d’imeachtaí 1916.

“Áireoidh clár Chultúr Éireann, ‘Mise Éire’, a seoladh an mhí seo caite, ceolchoirmeacha agus imeachtaí ar fud na sé phríomhchríoch; na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Beidh sé ar siúl ag an am céanna leis an gclár mór atá ar bun cheana féin ag ár n-ambasáidí, atá faoi cheannas mo chuid comhghleacaithe, an tAire Flanagan agus an tAire Deenihan.

“San iomlán, reáchtálfar os cionn 1,000 ócáid ar fud an domhain le linn na bliana atá amach romhainn agus muid ag smaoineamh ar an am atá caite, ar an méid atá bainte amach againn – sa bhaile agus thar lear – le céad bliain anuas, agus muid ag breathnú chun cinn go huaillmhianach ar na blianta atá amach romhainn.”