Foilsithe ar 

Tús curtha leis an bpróiseas chun post Stiúrthóir na Gailge a líonadh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu (Déardaoin, an 14 Iúil) go bhfuil cead faighte aige le post Stiúrthóir na Gaeilge ina Roinn a líonadh.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt sé: “Is post sinsearach sa Státseirbhís é post Stiúrthóir na Gaeilge. Le poist ag an leibhéal sinsearach sin a líonadh is gá cead a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – cead atá faighte agam anois agus tá mo Roinn ag déanamh socruithe láithreach leis an post a líonadh chomh luath agus is féidir”.
Beidh Stiúrthóir na Gaeilge freagrach as Rannán Gaeltachta na Roinne, a bhfuil buiséad de níos mó ná Eur45m aige in 2016. Beidh an Stiúrthóir nua ina bhall nó ina ball de Bhord Bainistíochta na Roinne agus déanfaidh sé nó sí maoirseacht ar chláir sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Oibreoidh an Stiúrthóir go dlúth leis an bhForas Teanga freisin, ceann de na sé Chomhlacht Feidhmiúcháin Thuaidh-Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, i gcomhairle le comhghleacaithe i Roinn na gComhphobal i dTuaisceart Éireann.
“Tá áthas orm bheith in ann dul chun cinn a fhógairt i dtaobh an post tábhachtach seo a líonadh. Tá mé cinnte go gcuirfidh an Stiúrthóir nua an cheannaireacht riaracháin ar fáil atá de dhíth le polasaithe agus tacaí an Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a spreagadh faoi mo threoirse sa tréimhse amach romhainn.”