Foilsithe ar 

ÁL SICÍNÍ AG IOLAIR MARA IN 2014

Tá ál sicíní ligthe amach ag Iolair Mara in Éirinn le seachtainí beaga anuas. Tá ceithre phéire dhéag d'iolair ag coinneáil fearainn ar fud ceithre chontae agus tá ar a laghad seacht bpéire acu sin ag neadú agus ag breith uibheacha. Le coicís anuas, ligeadh amach na chéad sicíní de 2014 i neadacha i mBaile Uí Bheoláin, Co. an Chláir agus sa Ghleann Garbh in Iarthar Chorcaí. Tá péirí eile ag neadú i suíomhanna i gCiarraí agus i nGaillimh ach tá na sicíní sin fós le teacht amach. Le coicís anuas, dearbhaíodh gur tháinig sicíní amach gar do Bhaile Uí Bheoláin, Co. an Chláir. Bhain an péire iolar clú agus cáil amach in 2013 nuair a thóg siad na chéad sicíní a d'eitil ón nead in Éirinn le os cionn 100 bliain. Ba phéire nua iolar i nGleann Garbh an chéad phéire a lig amach sicíní i mbliana - ag deireadh mhí Aibreáin. Faraor, níor éirigh leis na sicíní sin ná le sicíní le péire eile iolar atá i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, de bharr na drochaimsire agus easpa taithí is cosúil. Táthar an-dóchasach go n-éireoidh le hiolair Bhaile Uí Bheoláin agus iolair eile timpeall na tíre ál a thógáil agus go mbeidh daonra inmharthana ina thoradh air sin. Is iad seo na sicíní is déanaí atá tagtha ar an saol ó thosaigh an clár ardphróifíl chun iad a athbhunú in Éirinn in 2007 nuair a scaoileadh 100 iolar óg Ioruach amach i bPáirc Náisiúnta Chill Airne mar chuid de chlár athbhunaithe na nIolar Mara.

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, T.D.:

"Is údar dóchais an fhorbairt seo. Chuir marú ceann de na hiolair mara óga a rugadh anuraidh alltacht orm agus ar dhaoine eile freisin. Drochlá a bhí ansin don tionscadal uaillmhianach seo na héin chreiche áille seo a athbhunú in Éirinn. Is forbairt iontach don tionscadal seo é an scéala go bhfuil ar a laghad 7 bpéire ar gor anois agus ag breith uibheacha. Tugann an péire pórúcháin i mBaile Uí Bheoláin deis don phobal i gcoitinne ceann de na héin is suntasaí sa tír seo a fheiceáil i gcóngar dóibh. Is buntáiste iad don gheilleagar áitiúil agus táim cinte go mbeidh fás ar thurasóireacht inbhuanaithe chun an cheantair mar thoradh ar láithreacht leanúnach na n-iolar san áit. Cé gur i bPáirc Náisiúnta Chill Airne a thosaigh na hiolair mhóra amach, creidim anois gur le muintir oirthear an Chláir iad, agus tá cruthaithe acu siúd gur cúramóirí agus coimeádaithe den scoth iad. Tá moladh ag dul don dream a dhéanann monatóireacht, faireachán agus taifeadadh deonach ar ghníomhaíochtaí an phéire phórúcháin mar go gcuireann an obair sin leis an tuiscint atá againn ar na héin seo agus ar a gcuid riachtanas. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal, agus leis an bpobal áitiúil freisin as a gcuidiú. Tá mé an-sásta go bhfuil na chéad sicíní de 2014 ligthe amach agus tá súil agam go mbeidh saol breá fada ag na hiolair seo ag eitilt os cionn na hÉireann."

“Táimid thar a bheith sásta go bhfuil Iolair Mara ag neadú ar fud ceithre chontae - Corcaigh, Ciarraí, An Clár agus Conamara i gContae na Gaillimhe,” a dúirt an Dr. Allan Mee, bainisteoir tionscadail d'Iontaobhas na nIolar Fíréin. “In 2013 tógadh ár gcéad ál san fhiántas i gContae an Chláir ach, i mbliana, tá ríméad orainn go bhfuil péirí ag neadú chomh fada ó bhaile le Conamara, cé gurb é Ciarraí i gcónaí an áit is tréine atá an speiceas. Is ábhar misnigh dúinn don todhchaí gur ag dul i méid atá líon na bpéirí atá ag neadú. Ba bhliain chinniúnach a bhí ann anuraidh d'athbhunú an speicis in Éirinn mar gur éirigh chomh maith sin leis an neadú i gContae an Chláir. Ag deireadh an lae, braitheann inmharthanacht an chláir d'athbhunú na n-iolar ar phórúchán na sicíní seo amach anseo. Tugann gach céim i dtreo na sprice sin muid. Chuidigh mórán daoine linn chun an sprioc seo a bhaint amach le blianta anuas. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na pobail áitiúla i mBaile Uí Bheoláin agus sa Gheata Bán, Co. an Chláir, agus i gCiarraí, i gCorcaigh agus i nGaillimh as a ndea-thoil agus a dtacaíocht leanúnach. Tá leas bainte ag na hiolair as an tacaíocht fhorleathan ó na pobail agus na húinéirí talún, agus tá an fhéidearthacht ann go gcuirfidh na hiolair le geilleagair tuaithe na gceantar seo, go háirithe tríd an turasóireacht fhiadhúlra. Tá buíochas faoi leith ag dul freisin dár gcairde san Iorua a raibh muinín acu as an gclár d'athbhunú na n-iolar in Éirinn agus a chuir na héin ar fáil agus a thug tacaíocht dúinn ón tús."

Bhí an-áthas freisin ar Ambasadóir na hIorua chun an hÉireann, Roald Næss, a chloisteáil go raibh ag éirí chomh maith leis an tionscadal. “Tá an-spéis curtha ag an ambasáid i bhforbairt an tionscadail seo. Is sár-shampla é seo den chomhoibriú idirnáisiúnta ar leibhéal praiticiúil, ag díriú ar chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta ar mhaithe leis na glúine atá le teacht.”

Chuir an scéala faoi na sicíní an-ríméad ar an bpobal áitiúil in Oirthear an Chláir. Dúirt John Harvey, Cathaoirleach Chomhairle Pobail Bhaile Uí Bheoláin “Tá an-áthas orainn go bhfuil an péire iolar seo ag cur fúthu anseo i mBaile Uí Bheoláin le trí bliana anuas. Bhain siad clú agus cáil amach anuraidh nuair a thóg siad an chéad dá shicín de thionscadal athbhunaithe na n-iolar. Táimid ag súil le dea-scéala arís i mbliana agus tá ag éirí go maith leo go dtí seo, d'ainneoin na drochaimsire. Tá cuairteoirí tagtha as gach cearn go Baile Uí Bheoláin chun na hiolair a fheiceáil ag neadú le dhá bhliain anuas agus tá míle fáilte rompu arís i mbliana. Faraor, caitheadh ceann de shicíní na bliana anuraidh níos luaithe i mbliana. Iarraimid ar gach duine meas a bheith acu ar ár bhfiadhúlra agus deis a thabhairt do na héin áille seo neadú agus deis a thabhairt dá n-ál maireachtáil sna blianta atá amach romhainn."

Tá an pobal áitiúil in Oirthear an Chláir, in Iarthar Chorcaí, i nGaillimh agus i gCiarraí, an-tógtha le scéal na nIolar Mara agus tá an chosúlacht air go meallfaidh sé daoine chun breathnú ar na héin. É sin ráite, chuirfí as do na héin dá gcuirfí isteach orthu agus iad ag neadú. “Tuigimid go maith an dochar a d'fhéadfaí a dhéanamh dá gcuirfí isteach ar na héin seo agus iad ag neadú,” a dúirt an Dr. Mee. Is coir é faoin Acht um Fhiadhúlra (1976) cur isteach in aon turas ar na hIolair Mara agus iad ag neadú. Dá gcuirfí isteach ar na héin, tá seans ann go dtréigfidís a n-ál agus, mar thoradh ar sin, go bpréachfaí na héin nó go marófaí iad. Iarraimid ar dhaoine gan dul in aice leis an nead ach an deis a thapú na héin a fheiceáil ó ché Bhaile Uí Bheoláin. Beidh eolas faoi na héin, a n-éiceolaíocht agus a gcaomhnú ar fáil. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do dhea-thoil agus do thacaíocht phobal áitiúil cheantar Bhaile Uí Bheoláin, Comhairle Pobail Bhaile Uí Bheoláin, clubanna áitiúla slatiascaireachta agus gunnaí agus Comhairle Contae an Chláir roimh na tréimhse neadaithe agus ina diaidh."

Cibé céard a tharlóidh tar éis na hiarrachtaí neadaithe seo, is comharthaí dearfacha iad don mhéid atá i ndán don cheantar agus do shuíomhanna eile ar fud na hÉireann amach anseo. Maireann Iolair Mara idir 25-30 bliain agus, go ginearálta, cúplálann siad ar feadh a saoil agus fanann siad ina ndúiche baile ar feadh na bliana. Go hiondúil, teipeann orthu ina gcéad iarrachtaí pórúcháin, go háirithe éin óga. É sin ráite, le dea-thoil agus tacaíocht na bpobal áitiúil, tá todhchaí maith i ndán don speiceas in Éirinn.