Foilsithe ar 

Seolann an tAire tionscadal nua chun comóradh a dhéanamh ar Ghorta Mór na hÉireann

Dé Máirt, 8 Aibreán, 2014: Sheol Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tionscadal nua inniu dar teideal "Laochra Ghorta Mór na hÉireann" a thabharfaidh deis do dhaoine ómós a léiriú do dhaoine agus do phobail ar choinnigh a gcineáltas agus a bhflaithiúlacht daoine beo nuair a bhí siad ag fulaingt de bharr an ghorta.

Thapaigh an tAire an deis freisin chun suíomh nua gréasáin a sheoladh. Tá an suíomh seo tiomnaithe d'eolas a chur ar fáil faoi Ghorta Mór na hÉireann agus chun eolas chun dáta a chur ar fáil maidir le himeachtaí a bhíonn ar bun roimh na Cuimhneacháin Náisiúnta agus Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór - www.irishfamine.ie.

Beidh cuid de shuíomh gréasáin nua na Roinne tiomnaithe dóibh siúd a léirigh cineáltas agus daonnacht do mhuintir na hÉireann mar thoradh ar an nGorta Mór. Iarrfar ar an bpobal cuntais ghairide a chur ar fáil faoi na daoine agus na pobail sin sa bhaile agus thar lear a mheasann siad gur chóir aitheantas a thabhairt dóibh as a bhflaithiúlacht. Ag gach ceann de láithreacha na gCuimhneachán Náisiúnta agus Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór, áiteofar ar phobail áitiúla cuntas a chur ar fáil de na 'laochra' áitiúla i gcomhthráth leis na himeachtaí pleanáilte. Iarrfar ar scoileanna freisin eolas agus ábhar a chur ar fáil faoi dhaoine áitiúla ina gceantar a chuidigh le daoine a bhí ag fulaingt le linn Ghorta Mór na hÉireann.

Dúirt an tAire Deenihan an méid seo inniu:

Tá an-áthas orm an suíomh nua gréasáin www.irishfamine.ie, a bheidh ina áis iontach do dhaoine a bhfuil suim acu comóradh a dhéanamh ar an nGorta Mór, a sheoladh, chomh maith leis an tionscadal nua "Laochra Ghorta Mór na hÉireann.

Meastar go dtabharfaidh an tionscadal seo dearcadh nua do dhaoine i ngach aoisghrúpa ar an nGorta Mór agus go spreagfaidh sé suim na ndaoine sin nach raibh aon bhaint acu le clár Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir roimhe seo. Tá sé i gceist, in am is i dtráth, go mbeidh se ina acmhainn luachmhar eolais do dhaoine fásta agus do dhaoine óga araon agus go spreagfaidh sé iad chun tuilleadh a fhoghlaim faoin tréimhse thragóideach seo i stair na hÉireann. B'fhéidir go spreagfaidh sé muid uile chun a bheith níos airdeallaí faoin ocras agus faoi ghalair i saol an lae inniu agus ionbhá agus flaithiúlacht a léiriú dóibh siúd nach bhfuil chomh maith as is atá muid féin."

"Chun tús a chur leis an tionscadal seo, tá píosa curtha isteach agam faoin obair a rinne baill de Chumann na gCarad chun cuidiú le híospartaigh an Ghorta Mhóir nuair a bhunaigh siad tithe anraith agus nuair a chuir siad cúnamh ar fáil do na daoine a bhí sna ceantair ba mheasa a bhí buailte in Éirinn. Murach iad, chaillfí mórán de na daoine sin leis an ocras agus tá buíochas mór ag dul do na fir agus na mná cróga sin a sheas leis na bochtáin le linn an ama uafásaigh sin i stair na tíre."

Tá sé thar a bheith spéisiúil go raibh éifeacht ag cruachás mhuintir na hÉireann ag an am sin ar ghrúpaí ar nós na hIndiaigh Choctaw, Pobal Giúdach Nua-Eabhrac, Sabhdán Impireacht na nOtamánach agus Coiste na Saoránach Daite i Philadelphia. Áitím ar an bpobal breathnú ar an gcuid seo dár stair agus páirt a ghlacadh sa tionscadal seo."

Nóta don eagarthóir

Is féidir leis an bpobal scéalta gearra agus léaráidí nó acmhainní príomha ar bith a sheoladh chuig faminecommemoration@ahg.gov.ie. Déanfaidh Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir (CCNGM) athbhreithniú ar an ábhar sula n-uaslódálfar é chuig an suíomh gréasáin. Tá údarás iomlán ag an CCNGM ábhar a uaslódáil nó a bhaint den suíomh, de réir a rogha féin. Tá sé i gceist go mbeadh an t-ábhar a chuirfí ar fáil ina acmhainn eolais amháin agus ina ábhar a spreagfaidh plé agus díospóireacht agus ní gá gur ionann an t-ábhar agus tuairimí Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir nó na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ar roinnt de na ranníocóirí suntasacha bhí:

· Ar an 23 Márta 1847, bhailigh na hIndiaigh Choctaw $170 do chiste fóirithinte an Ghorta Mhóir – méid airgid a bhí thar a bheith suntasach ag an am. Bhogfadh seo do chroí mar gheall ar an gcruachás a d'fhulaing siad féin san am atá caite. In 1831 díbríodh na hIndiaigh Choctaw ó thailte a sinsear i Mississippi go dtí an áit ar a dtugtar Oklahoma sa lá atá inniu ann. Bhí na Choctaws ar cheann de na chéad treibheanna a rinne an t-aistear dúshlánach sin, nó an 'Trail of Tears' mar a thugtar air anois. Bhí na blianta sin an-chrua ar dhream na dtreibheanna sin. Ba iomaí Choctaw nár mhair an turas agus bhí cruatan i ndán dóibh siúd ar éirigh leo agus iad ag iarraidh bailte, scoileanna agus eaglaisí nua a bhunú. Ní raibh 16 bliana caite ó rinneadh an turas sin go bhfuair na Choctaws amach faoi chruachás mhuintir na hÉireann. Ó tharla gur fhulaing siad féin ocras agus bás le linn an chéad 'Trail of Tears', bhí an-trua acu do mhuintir na tíre seo. Thug na Choctaws, nach raibh mórán acmhainní acu féin, gach a raibh siad in ann dóibh siúd a bhí ag fulaingt.

· Ina theannta sin, bhí baint ag Abdul Mejid Khan, Sabhdán Impireacht na nOtamánach, le fóirithint an Ghorta agus bhronn sé míle punt ar mhuintir na hÉireann. Tá sé ráite freisin gur chuir sé trí long go Droichead Átha agus iad luchtaithe le bia!

· Bhailigh pobal Giúdach Nua-Eabhrac na céadta dollar d'fhóirithint ghorta na hÉireann.

· Coiste na Saoránach Daite i Philadelphia. Tugadh an t-airgead ar fad a bhailigh an Coiste don fhear feachtais i gcoinne na sclábhaíochta, Frederick Douglass, chun tabhairt do chiste fóirithinte an Ghorta nuair a shroichfeadh sé Éire. Chomh maith leis sin, thug Abraham Lincoln, a bhí díreach tofa i dTeach na nIonadaithe, £5!

· In 1847, shroich Sior Paul Edmund Strzelecki, taiscéalaí, geolaí agus daonchara as an bPolainn, Éire mar oibrí deonach nuair a bhí na milliúin ag fáil bháis leis an ocras agus le galair agus shábháil sé mórán leanaí ón ngorta.

Beidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 ar siúl i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, ar an 11ú Bealtaine 2014 agus is é an Taoiseach, Éanna Ó Coinnigh T.D., a bheidh i gceannas ar an ionadaíocht oifigiúil. Beidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i New Orleans idir an 7-9ú Samhain 2014 agus beidh an tAire Deenihan i gceannas ar an ionadaíocht oifigiúil.