Foilsithe ar 

‘Losing Myself’ – iontráil na hÉireann in Biennale Idirnáisiúnta Ailtireachta na Veinéise 2016

Tá sonraí fógartha inniu (Dé hAoine) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, maidir le ‘Losing Myself’, taispeántas na hÉireann ag an 15ú Biennale Idirnáisiúnta Ailtireachta atá á sheoladh sa Veinéis inniu. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, é taispeántas na hÉireann sa Veinéis.

 

Faoi théama 2016 an Biennale, ‘Ag Tuairisciú ón Túslíne', tugtar cuireadh do rannpháirtithe tuairisc a thabhairt ar conas is féidir leis an ailtireacht feabhas a chur ar chaighdeán na timpeallachta tógtha agus, dá réir sin, ar chaighdeán maireachtála na ndaoine.  Tá iontráil 2016 na hÉireann, ‘Losing Myself’, coimisiúnaithe agus coimeádta ag Niall McLaughlin agus Yeoryia Manolopoulou, agus fuarthas inspioráid dó ó Ionad Lae agus Faoisimh an Úllghoirt ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath, a choimisiúnaigh Cumann Alzheimer na hÉireann chun cúram gearrthéarma solúbtha a chur ar fáil do dhaoine le galar Alzheimer.

 

Le ‘Losing Myself’, léirítear go bhfuil néaltrú ar cheann de na dúshláin is mó atá le sárú ag sochaí an domhain agus, cé go léiríonn pleananna ailtireachta tipiciúla spás fosaithe comhtháite, ní féidir le daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu an spás sin a bhrath mar nach féidir leo iad féin a threoshuíomh ina dtimpeallacht. 

 

Ag labhairt dí faoin taispeántas, dúirt an tAire Humphreys:

“Cuirtear ceisteanna tábhachtacha le taispeántas na hÉireann sa Veinéis, ‘Losing Myself’, faoin mbealach ina bhféadfaí úsáid a bhaint as ailtireacht chomhaimseartha chun dearadh a chomhtháthú le riachtanais cúraim sláinte. Féachtar ann freisin ar conas a thugtar aghaidh leis an ailtireacht ar shaincheisteanna móra cúraim ar nós rochtain, soghluaisteacht, slándáil, spás agus idirghníomhú sóisialta. De réir mar a théann an daonra in aois, tá néaltrú ag éirí níos dúshlánaí mar shaincheist sláinte poiblí atá ag gabháil do na mílte teaghlach ar fud na tíre, agus mar sin tá mé cinnte go rachaidh an taispeántas seo i gcion ar go leor cuairteoirí.”

 

Úsáidtear starráin am-theorannaithe sa taispeántas sa Veinéis chun léiriú a thabhairt ar an mbealach ina mbrathann sé duine déag an tIonad Faoisimh thar lá amháin agus tugtar léargas ar an mbealach ina gcuireann na heispéiris fhorluite, chontrártha fiú,  a bhíonn ag áitritheoirí an Ionaid dúshlán faoi fhoirgneamh mar choincheap aonair, agus dá réir, na líníochtaí ailtireachta sin lena léirítear foirgnimh mar nithe fosaithe iomlána. In ‘Losing Myself’, úsáidtear taighde déanta ag néareolaithe, síceolaithe, oibrithe sláinte, fealsúnaithe agus antraipeolaithe, chomh maith le taithí daoine le néaltrú agus a dteaghlaigh.

 

Bhí an méid seo le rá ag Niall McLaughlin:

“Is é an ‘fronta’ ar a bhfuilimid ag tuairisciú ná an dúshlán atá roimh an ailtire atá ag dearadh do dhaoine le néaltrú. Tá teideal an tionscadail, ‘Losing Myself’, bunaithe go páirteach ar an bprionsabal go bhfuil freagracht ar ailtirí eispéiris daoine eile a shamhlú inár gcuid pleananna. Rinne muid iarracht próiseas líníochta a fhorbairt trína bhféadfadh muid dul isteach in intinn an duine le néaltrú, mar nach mbíonn a léargas ar an domhan ar fhís dúinn i gcónaí. Lenár dtaispeántán agus an suíomh gréasáin a théann leis, www.losingmyself.ie, féachtar leis na bealaí sonracha a thaispeáint ina bhféadfadh néaltrú cur isteach ar chumas daoine a mbealach a dhéanamh thart ar a dtimpeallacht, bunaithe ar ár mbreithnithe féin agus ár gcomhráití le saineolaithe agus daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar an ngalar.”

 

Is é Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta na Veinéise an mórthaispeántas idirnáisiúnta is tábhachtaí i réimse na hailtireachta, agus le rannpháirtíocht na hÉireann tugtar deis den scoth do lucht féachana idirnáisiúnta blaiseadh a fháil de raon agus fuinneamh chultúr iléagsúil ailtireachta na hÉireann agus neart na gcleachtas ailtireachta agus na n-ailtirí in Éirinn. 

 

Beidh deis ag lucht féachana sa bhaile cuairt a thabhairt ar an taispeántas ‘Losing Myself’ nuair a dhéanfar é a chur in oiriúint do chamchuairt náisiúnta le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon in 2017 nuair a fhilleann sé ón Veinéis.