Foilsithe ar 

“Neartú do na healaíona, don chultúr agus don chruthaitheacht” - Fógraíonn an tAire Humphreys pacáiste cáinaisnéise €300 milliún do 2018

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., inniu (Dé Máirt) pacáiste maoinithe de bhreis is €300 milliún in 2018 i gcomhair forbairt ár n-oidhreachta cultúir agus cruthaitheachta. Tá méadú de €13 milliún cinntithe ag an Aire ar mhaoiniú dá Roinn. Cuimsíonn sé sin €9 milliún i gcaiteachas reatha agus €4 mhilliún i gcaiteachas caipitil. Áiríonn sé borradh de €8.5 milliún i maoiniú do na healaíona agus don chultúr chun Clár Éire Ildánach a chur chun cinn - clár a bhfuil sé mar aidhm leis an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol an náisiúin. Tá €90 milliún i maoiniú breise caipitil idir 2018 agus 2021 cinntithe aici freisin chun gur féidir pleanáil ilbhliantúil a dhéanamh den chéad uair, ar mhaithe leis na Forais Chultúrtha Náisiúnta go háirithe.
Buaicphointí Cháinaisnéis 2018:
· €3 mhilliún breise don Chomhairle Ealaíon, méadú 5% ar a buiséad bliantúil, rud a fhágann go bhfuil €68 milliún ina buiséad bliantúil (suas 20% ó 2014);
· Méadú €1.5 milliún do Bhord Scannán na hÉireann, méadú 9% ar a bhuiséad bliantúil, rud a fhágann go bhfuil €18 milliún ina bhuiséad bliantúil (suas 29% ó 2014);
· Maoiniú ón Roinn do na hÚdaráis Áitiúla i gcomhair tionsncaimh Éire Ildánach méadaithe faoi dhó;
· €2m don tionscnamh Leanaí Ildánacha, lena n-áirítear €1 mhilliún ón Roinn Oideachais agus Scileanna;
· Méadú 14% ar mhaoiniú do Chultúr Éireann (€3.5 milliún go €4 mhilliún);
· Borradh faoin maoiniú do gach ceann de na Forais Chultúrtha Náisiúnta;
· Maoiniú Caipitil breise in 2018 do bhabhta eile den ‘Scéim Caipitil Ealaíon agus Cultúir’ ar éirigh go han-mhaith leis;
· €1 mhilliún breise d’Uiscebhealaí Éireann;
· €1.5 milliún eile don Oidhreacht, lena n-áirítear bearta chun tacú le bithéagsúlacht;
· €2.5 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht;
· €90 milliún i maoiniú caipitil idir 2018 agus 2021, méadú de bheagnach 50% don tréimhse sin.
Agus í ag labhairt inniu, bhí an méid seo le rá ag an Aire Humphreys:
“Is lá iontach é seo do na healaíona, don chultúr agus don chruthaitheacht in Éirinn, ó oscailt taispeántais shuntasacha inár bhForais Chultúrtha Náisiúnta go tionscadail nuálacha ealaíon pobail. Trí Cháinaisnéis 2018, táim ag athdhearbhú mo thiomantas d’infheistíocht leanúnach san earnáil de réir mar atá an geilleagar ag dul i bhfeabhas.
“Tá Clár Éire Ildánach, a sheol mé anuraidh, ag táirgeadh torthaí dearfacha cheana féin i bpobail tuaithe agus uirbeacha araon, agus tá níos mó daoine ná riamh rannpháirteach sa chruthaitheacht. Tá rún daingean agam tógáil ar an bhfuinneamh seo in 2018 trí mhaoiniú méadaithe a chur ar fáil d'fhorais, do ghníomhaireachtaí agus do thionscnaimh thábhachtacha a chuireann na healaíona, an chruthaitheacht agus an cultúr ar fáil ar fud na tíre.
“Úsáidfear na cistí breise chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gClár chun go mbeidh níos mó saoránach rannpháirteach sa chruthaitheacht in Éirinn. Beidh mé ag obair freisin ar ár gcaidrimh reatha a fhorbairt lenár gcomhpháirtithe éagsúla sa Chlár.
“Gheobhaidh an Chomhairle Ealaíon, a imríonn ról ríthábhachtach i maoiniú díreach agus i bhforbairt na n-ealaíon in Éirinn, €3 mhilliún breise chun feabhas a chur ar an tacaíocht a chuireann sí ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon, idir bheag agus mhór, ar fud na tíre. Cé gur foras neamhspleách í, tógann obair na Comhairle ar gach colún de Chlár Éire Ildánach, agus táim ag súil go mór le leanúint lenár gcomhoibriú rathúil leo sa bhliain amach romhainn.
“Táim ag leithdháileadh €1.5 milliún breise ar Bhord Scannán na hÉireann chun tógáil ar an obair ríthábhachtach a dhéanann sé maidir le tacú le scannáin, drámaíocht teilifíse, cláir faisnéise agus beochan na hÉireann. Mar an gcéanna, tá a chuid oibre lárnach do chur i bhfeidhm rathúil Cholún 4 de Chlár Éire Ildánach, atá dírithe ar chumas na hÉireann a chothú mar ionad barrfeabhais do léiriú na meán.
“Is é rochtain ar na healaíona, ar an gcultúr agus ar an gcruthaitheach a thiomáineann an Clár Éire Ildánach agus sin an fáth a bhfuil €1 mhilliún leithdháilte agam chun dlús a chur leis an tionscnamh Leanaí Ildánacha faoi Cholún 1 den Chlár. Tá áthas orm a rá go mbeidh sé sin á mheaitseáil le €1 mhilliún eile ó mo chomhghleacaí Richard Bruton T.D., an tAire Oideachais agus Scileanna, rud a fhágfaidh €2 mhilliún sa bhuiséad do 2018. Cuirfear an clár seo i bhfeidhm i dteannta leis an gComhairle Ealaíon.
“Ar an gcúis chéanna, méadóidh mé faoi dhó maoiniú mo Roinne do na hÚdaráis Áitiúla in 2018 chun tacú le hobair Fhoirne Cultúir áitiúla Éire Ildánach agus chun tógáil ar an obair sin, agus tá maoiniú breise caipitil cinntithe agam chomh maith chun infheistiú in ionaid réigiúnacha ealaíon agus cultúir. Bainfidh sé sin leas as fuinneamh Cholún 2 an Chláir, ‘Bonn a chur faoin gCruthaitheacht i ngach Pobal’, faoinar tharla 750 imeacht ar fud na hÉireann in 2017. Cuideoidh sé freisin chun tacú go gníomhach le rannpháirtíocht chultúrtha i bpobail tuaithe, ar príomhghealltanas é i bPlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe.
“Gheobhaidh Cultúr Éireann €500,000 breise an chéad bhliain eile, rud a chuirfidh ar a gcumas clár feabhsaithe cultúir a chur i láthair ar fud na Breataine Móire in 2018. Tógfaidh sé sin ar an gcaidreamh uathúil cultúrtha idir an dá thír agus leathnófar raon na ndaoine a fhaigheann blaiseadh de chultúr na hÉireann. Tógfaidh sé freisin ar Cholún 5 de Chlár Éire Ildánach, atá ag brath ar ár lorg cultúrtha a shíneadh amach ar fud an domhain agus béim a chur ar ár gcultúr mar bhua uathúil náisiúnta.
“Coinneoidh mé orm chomh maith ag obair leis an Sainghrúpa Comhairleach um Chuimneacháin agus leis an nGrúpa Uile-Phairtí Oireachtais chun chlár measúil agus oiriúnach comórtha a fhorbairt do 2018 agus ar aghaidh.

“Is é Clár Éire Ildánach an fheithicil fheidhmiúcháin do pholasaí níos leithne, uile-Rialtais, ar chultúr in Éirinn, agus nascann sé freisin leis na hearnálacha oidhreachta, Gaeltachta agus Gaeilge, áit a bhfuil an maoiniú méadaithe agam freisin do 2018.
“I dteannta mhaoiniú 2018, tá maoiniú breise caipitil de €90 milliún cinntithe agam freisin don chultúr, don oidhreacht agus don Ghaeltacht don tréimhse idir 2018 agus 2021. Is ionann sin is méadú de bheagnach 50% ar bhuiséad caipitil mo Roinne sa tréimhse sin, agus ceadóidh sé, den chéad uair, pleanáil chéimneach ilbhliantúil a dhéanamh ar mhaithe lenár bhForais Chultúrtha Náisiúnta agus leis an infreastruchtúr réigiúnach ealaíon go háirithe.
“Tá an tír seo ag cur thar maoil le cruthaitheacht. Inniu, táim ag léiriú mo thiomantas leanúnach do bhorradh a chur faoin gcruthaitheacht sin agus í a chur i gcroílár shaol na tíre trí chreat uileghabhálach an Chláir Éire Ildánach, i gcomhar le comhpháirtithe ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil.”
Dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D.:
“Beidh tacaíocht don Ghaeilge agus forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán ina bpríomhthosaíochtaí i gcónaí in 2018. Díreoidh maoiniú breise de €2.5 milliún ar chur i gcrích na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 chun úsáid agus eolas ar an Ghaeilge a mhéadú mar theanga bhríomhar pobail.
“Tá treisiú an phróisis pleanála teanga cinntithe agam in 2018 trí mhéadú suntasach de €1.4 milliún ar mhaoiniú. Bainfidh Údarás na Gaeltachta, a chuireann tacaíocht ríthábhachtach ar fáil d’fhiontair agus d’fhorbairt pobail i bpobail na Gaeltachta, leas as maoiniú breise fosta, mar aon le Scéimeanna Tacaíochta Teanga lasmuigh den Ghaeltacht.”
Maoiniú do na Forais Chultúrtha Náisiúnta
Tá maoiniú breise de €1.7 milliún cinntithe dár bhForais Chultúrtha Náisiúnta in 2018, agus bainfidh gach Foras leas as, de réir Cholún 3 de Chlár Éire Ildánach, ‘Infheistiú in Infreastruchtúr na Cruthaitheachta agus an Chultúir’. Beidh siad ina dtosaíocht chomh maith maidir le maoiniú breise caipitil €90 milliún idir 2018 agus 2021, le tuilleadh sonraí le fógairt amach anseo. Tá léirithe ag an Aire go bhfuil i gceist aici fógra eile a dhéanamh sna seachtainí atá amach romhainn maidir leis an maoiniú caipitil fadtéarmach 10 mbliana d’athfhorbairt ár bhForas Chultúrtha Náisiúnta.
Maoiniú don Oidhreacht
Tá maoiniú breise de €2.55 milliún leithdháilte ag an Aire don oidhreacht thógtha agus nádúrtha, €900,000 i maoiniú reatha agus beagnach €1.7 milliún i maoiniú caipitil, lena n-áirítear maoiniú d’Uiscebhealaí Éireann. Is ionann sin is tacaíocht mhéadaithe don Chomhairle Oidhreachta; infheistíocht de €500,000 breise i bhfoirgnimh oidhreachta ar fud na tíre; agus maoiniú chun tacú leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht agus chun díriú ar speicis ionracha.