Foilsithe ar 

€1.1m breise á cheadú ag an Aire Humphreys do Bhord Scannán na hÉireann

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Luain) go bhfuil €1.1 milliún breise de chistiú ceadaithe aici do Bhord Scannán na hÉireann. Tá an cistiú deireadh bliana á chur ar fáil as Buiséad 2016 na Roinne.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas orm bheith in ann an cistiú breise seo a cheadú do Bhord Scannán na hÉireann, lena mbeidh siad in ann tuilleadh tacaíochta a thabhairt do scannánóirí na hÉireann. Fágfaidh sé sin go mbeidh €15.5 milliún san iomlán á chur ar fáil do Bhord Scannán na hÉireann ag an Roinn i mbliana.

“Faightear torthaí thar cionn as infheistíocht i mBord Scannán na hÉireann. An tseachtain seo caite, ainmníodh dhá scannán a bhí maoinithe ag Bord Scannán na hÉireann do na Golden Globes. Tá sé tábhachtach go ndéanfar infheistíocht leanúnach i scannánóirí Éireannacha más mian linn go leanfar ar aghaidh ag cothú daoine cumasacha agus ag cur amach léiriúcháin den chéad scoth.

“Tá an Rialtas tiomantas do thacaíocht a thabhairt d’earnáil scannán na hÉireann. Le déanaí, rinne mé anailís eacnamaíoch a choimisiúnú ar na tionscail scáileánbhunaithe, rud a thabharfaidh léiriú níos soiléire dúinn ar scála agus tionchar earnáil chlosamhairc na hÉireann. Tá an tionscal scannánaíochta ina cholún tábhachtach freisin de chlár Éire Ildánach an Rialtais, a bhfuil sé mar aidhm leis lárionad barr feabhais a dhéanamh d’Éirinn ó thaobh léiriú meán ar fud an domhain de.

“De réir mar a thagann feabhas ar an ngeilleagar, tá súil agam go mbeidh muid in ann infheistíocht agus tacaíocht a mhéadú d’earnáil bheoga scannán, teilifíse agus beochana na hÉireann.”