Foilsithe ar 

€332,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun Innealtóirí Comhairleacha a cheapadh d’fhorbairt Ché Inis Oírr

Tá fógartha ag Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD, inniu go bhfuil maoiniú d’os cionn €332,000 ceadaithe aige do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun Punch Consulting Engineers a cheapadh mar innealtóirí comhairleacha d’fhorbairt Ché Inis Oírr.  I measc na dtascanna a bheidh acu, beidh an dearadh críochnúil a dhéanamh agus doiciméid tairisceana do chonradh tógála a réiteach.

Dúirt an tAire Stáit McHugh: “Tá an-áthas orm go raibh ar mo chumas an fógra seo a dhéanamh inniu. Tá cothabháil pobal inbhuanaithe oileáin amach ónár gcósta ina gné lárnach d’obair mo Roinne agus tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh rochtain shábháilte de mhuir ann do phobail oileáin.  Tá céim mhór chun cinn tógtha anois maidir leis an fhorbairt thábhachtach seo, atá luaite i dTionscadal Éireann 2040, agus léiríonn sé tiomantas mo Roinne an tionscadail seo a bhrú chun cinn.”