Foilsithe ar 

€600k de mhaoiniú fógartha ag an Aire Humphreys le bronnadh trí Chultúr Éireann ar ealaíona Éireannacha ar fud an domhain

Tá lúcháir ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, a fhógairt go bhfuil níos mó ná €600,000 ceadaithe le bronnadh trí Chultúr Éireann ar 85 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíon Éireannach lena gcuid oibre a chur i láthair ar fud an domhain níos faide anonn in 2016 agus in 2017.

Cuirfidh na tionscadail, lena gclúdaítear sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona, ar chumas ealaíontóirí Éireannacha a gcuid oibre a chur ar taispeáint i níos mó ná 28 dtír ar fud an domhain.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Leis an tacaíocht a thugann Cultúr Éireann d’ealaíontóirí Éireannacha, tugtar deis dóibh cur le naisc chultúrtha na hÉireann. Tríd an tacaíocht sin beidh níos mó daoine ar fud an domhain in ann blas a fháil de neart agus éagsúlacht ealaíontóirí Éireannacha de réir mar a théann an tsuim i bhfeabhas ealaíne na hÉireann i méid go hidirnáisiúnta.

“Tá sé mar phríomhthosaíocht de chuid an Chreat-Pholasaí, Cultúr 2025, a d’fhoilsigh mé an tseachtain seo caite, go dtacófar le cultúr na hÉireann ar fud an domhain. Cuireann Cultúr Éireann cistiú ríthábhachtach ar fáil d’ealaíontóirí na hÉireann, rud a chabhraíonn leo a gcaidrimh le healaíontóirí idirnáisiúnta a fhorbairt agus a ngairmeacha a chothú sa bhaile agus thar lear. Guím gach rath ar na healaíontóirí go léir atá á maoiniú faoin mbabhta tacaíochta seo agus iad ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn i láthair an domhain.”

Ar na buaicphointí tá camchuairt ChoisCéim ar fud na hAstráile le ‘The Wolf and Peter’ an samhradh seo chugainn, léiriú nua Fabulous Beast Dance Theatre de ‘Swan Lake/Loch na hEala’ i roinnt tíortha san Eoraip, taispeántas an amharc-ealaíontóra, Gerard Byrne, de 'A late evening in the future' san Australian Centre of Contemporary Art, Melbourne níos déanaí i mbliana, léiriú Druid de dhráma Martin McDonagh, ‘The Beauty Queen of Leenane’ ar camchuairt sna SA idir Eanáir agus Márta 2017 agus dhá sheó de chuid Fidget Feet, 'Hang On' agus 'Furdu Fjadrir/Strange Feathers' sa Danmhairg, ar Oileáin Fharó, agus san Iodáil an t-earrach seo chugainn.