Foilsithe ar 

Cuireann Ceadú Phlean teanga Árainn Mhór borradh faoin bPróiseas Pleanála Teanga - An tAire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu (15 Meán Fómhair) go bhfuil plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Árainn Mhór ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga. D’fhógair an tAire Stáit chomh maith go bhfuil  allúntas  bliantúil ar fiú suas le €100,000 á cheadú aige le go mbeidh ar chumas Chomharchumann Árainn Mhór Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú.

Is é seo an deichiú plean atá ceadaithe agus an chéad phlean oileánda atá ceadaithe faoin bpróiseas. Leis seo baineadh amach cheana féin an sprioc a bhí ann chun deich bplean a cheadú in 2018, agus tá sé beartaithe cúig phlean eile a cheadú roimh dheireadh na bliana.

“Le ceadú an phlean seo," a dúirt an tAire Stáit McHugh, “beidh Comharchumann Árainn Mhór in ann tús gan mhoill a chur le feidhmiú a phlean teanga a bheidh ar leas phobal an oileáin agus na Gaeilge araon. Ar nós na ceanneagraíochtaí pleanála teanga eile atá i mbun oibre faoi láthair tá obair mhór déanta ag an Chomharchumann chun an plean a ullmhú. Guím gach rath orthu agus a bplean á chur chun feidhme acu.”

“I ndiaidh Achtú Acht na Gaeltachta in 2012, rinneadh go leor oibre tábhachtaí ar leibhéal oifigiúil, ach thairis sin agus níos tábhachtaí fós, ar leibhéal pobail, ar obair í atá dírithe ar an bpróiseas pleanála teanga a dhaingniú mar bhealach chun an teanga a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.  

Tá an cúram dian glactha ag pobail áitiúla orthu féin go dúthrachtach díograiseach chun pleananna teanga a chur le chéile. Cé gur chuir an obair frustrachas orthu amanna, léiríonn an luas lena bhfuil na pleananna teanga á gceadú i mbliana gurbh fhiú an obair dhian a rinne siad.   Is mian liom buíochas a ghabháil leo as a dtacaíocht agus as an mórshaothar atá déanta acu sa phróiseas pleanála teanga chun cuidiú le caomhnú na teanga do ghlúine atá le teacht.

Ceapadh an chéad bheirt Oifigeach Pleanála Teanga áitiúla le déanaí freisin, as ós cionn tríocha Oifigeach Pleanála Teanga áitiúla a bheidh ann ar an iomlán, agus is sprioc thábhachtach sa phróiseas an méid sin freisin.  Lean an tAire lena chuid cainte: “Ba cheart tréaslú leis an an iliomad grúpaí agus eagraíochtaí pobail atá páirteach sa phróiseas ag an gcor cinniúnach seo”.

Nóta don eagarthóir

 

Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceadaíodh naoi bplean faoin bpróiseas pleanála teanga roimhe seo –

  • Cois Fharraige;
  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
  • Cloch Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
  • Na Déise;
  • Múscraí;
  • Ciarraí Theas;
  • Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh;
  • Ciarraí Thiar;
  • Maigh Eo Thuaidh.

 

Is é plean Árainn Mhór an deichiú plean a ceadaíodh anois.

Tá trí phlean eile curtha faoi bhráid na Roinne agus iad á mheas faoi láthair.

  •  An Cheathrú Rua;
  •  Conamara Láir;
  •  Ráth Chairn & Baile Ghib.

 

Tá súil ag an Roinn go mbeidh suas le 15 plean in iomlán ceadaithe faoin bpróiseas faoi dheireadh na bliana.

Is iad na limistéir oileánda eile atá i gceist ná:

  •  Tóraigh;
  •  Oileáin Árann;
  •  Cléire.

 

Bailte Seirbhíse agus Líonraí Gaeilge

Tá pleananna á n-ullmhú cheana féin i gcás na mbailte a leanas: Leitir Ceanainn; Daingean Uí Chúis agus Cathracha na Gaillimhe agus Chorcaí. Táthar ag súil leis go gcuirfear tús le hullmhú pleananna i gcás Dún Garbháin, Trá Lí, An Chlocháin Liath agus Chaisleán an Bharraigh roimh dheireadh na bliana.

Leanann ullmhúchán pleananna ar aghaidh faoi stiúir Fhoras na Gaeilge i leith na Líonraí Gaeilge Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Táthar ag súil leis go gcuirfidh Foras na Gaeilge pleananna ina leith faoi bhráid na Roinne lena cheadú roimh dheireadh na bliana ar a dhéanaí.

Cúrsaí airgeadais

D’fhógair an tAire Stáit le gairid go raibh cistíocht ar fiú €1.7m in iomlán curtha ar fáil aige d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun cabhrú le cur i bhfeidhm an phróisis sa bhliain reatha. Bainfear leas as an gcistíocht seo chun tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga agus le ceapadh Oifigigh Pleanála Teanga i gceantair a bhfuil plean ceadaithe ina leith. Ceapadh an chéad Oifigeach Pleanála Teanga faoin bpróiseas le gairid i nGaeltacht Dhún na nGall.

Is i gcomhréir le bearta 2.1, agus 2.3 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá an méid thuasluaite déanta. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga agus faoin bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 ar fáil ar shuíomh na Roinne: www.chg.gov.ie