Foilsithe ar 

€2,606 ceadaithe do Chomhlacht Forbartha na nDéise, An Rinn ag an Aire Stáit Kyne

D’fhógair Seán Kyne T.D., Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas suas le €2,606 ceadaithe aige do Chomhlacht Forbartha na nDéise Teo. chun cur ar a gcumas córas fuaime a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit, “Tá áthas orm cuidiú leis an gcomhlacht gníomhach seo córas fuaime a cheannach a bheidh ar fáil mar acmhainn do ghrúpaí éagsúla atá ag feidhmiú trí Ghaeilge agus imeachtaí éagsúla á gcur ar fáil acu sa cheantar.”

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an t-airgead seo á cheadú.