Foilsithe ar 

An Coimisinéir Teanga - Ag Cosaint Cearta Teanga

Cheap Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, an tUasal Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga ar 12ú Márta, 2014.

An ról atá ag an gCoimisinéir Teanga ná monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht. Chomh maith leis sin cuireann an Coimisinéir comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht. Sonraítear dualgais an Choimisinéara Teanga in alt 20 - 30 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Labhair Sráid Mhuirfean leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill faoi na dúshláin atá roimhe ina ról nua.