Foilsithe ar 

"Ceachtanna le foghlaim ó Ghorta san am atá caite chun cuidiú linn dul i ngleic le hocras domhanda sa lá atá inniu ann"- Deenihan

Inniu thug Jimmy Deenihan, Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir an óráid oscailte ag comhdháil phoiblí "From the Famine to Post Modern Hunger in the 21st Century", i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tagann an chomhdháil sna sála ar Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2011 a tharla i gCluain Eois ar an 10 Meán Fómhair chun a chinntiú nach ndéanfar dearmad ar an ngorta, ar na daoine a d'fhulaing le linn an ghorta agus ar an oidhreacht a d'fhág sé. Ba í an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa a bhí ina ceann feadhna ar an ionadaíocht oifigiúil. Tionóladh an chomhdháil chun comóradh a dhéanamh ar Lá Domhanda an Bhia, a bheidh ag tarlú ar an Domhnach, 16 Deireadh Fómhair 2011, agus ceapadh é mar fhóram chun comhrá oscailte agus cuiditheach a chur chun cinn i measc lucht acadúil, cleachtóirí forbartha agus na príomh-Ghníomhaireachtaí Neamh-Rialtais ar conas is fearr dul i ngleic leis an ocras sa 21ú haois i dtíortha atá ar ioncam íseal agus ina bhfuil ganntanas bia.

I measc na gcainteoirí a bhí i láthair bhí an tUasal Kevin Farrell, Toscaire Speisialta Ocrais na hÉireann, an Dr. Eamon Phoenix, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Jan O'Sullivan Uasal T.D. an tAire Stáit do Thrádáil agus Forbairt agus an Dr. Stephen Devereux, Institute of Development Studies, University of Sussex.

Beidh an tAire Deenihan ag déanamh ionadaíocht thar ceann Rialtas na hÉireann i Learpholl Dé Domhnaigh beag seo, an 16 Deireadh Fómhair, ag imeacht ag a ndéanfar comóradh orthu siúd a chuaigh ar imirce as Éirinn go Learpholl agus go páirteanna eile den Ríocht Aontaithe, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus ar fud an domhain le linn an Ghorta Mhóir. Go deimhin, mar thoradh ar an nGorta Mór, bhí líon díréireach láidir Éireannach i measc na náisiún a cruthaíodh le himirce ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois. Léiríonn na pobail diaspóra, mar a thugaimid orthu inniu, bá shuntasach lena sinsear a chuaigh ar imirce le linn an Ghorta Mór.

Dúirt an tAire Deenihan an méid seo inniu:

Ní dóigh gur tharla aon rud eile i stair na hÉireann a d'fhéadfá a chur i gcomparáid leis an nGorta Mór ó thaobh an tionchar a bhí aige agus an oidhreacht a d'fhág sé. É sin ráite, tá sé ríthábhachtach, mar náisiún, go mbainfimis leas as an taithí agus an tuiscint atá againn chun feasacht a spreagadh maidir leo siúd ar fad ar fud an domhain atá ag fulaingt de bharr éifeachtaí tubaisteacha gorta sa lá atá inniu ann. Is é seo an t-aon bhealach ar féidir linn meas i ndáiríre a léiriú orthu siúd a d'fhulaing san am atá caite.