Foilsithe ar 

CEAPACHÁN Ard-Rúnaí an Rialtais AGUS Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh

Ar mholadh an Taoisigh, tá an tUas. Martin Fraser, Rúnaí Cúnta, Roinn an Taoisigh, ceaptha ag an Rialtas ina Ard-Rúnaí Rialtais agus ina Ard-Rúnaí i Roinn an Taoisigh, le héifeacht ón 1 Lúnasa 2011.

Tá an tUas. Fraser ina Rúnaí Cúnta sa Roinn ón mbliain 2007, agus bhí sé ina Stiúrthóir ar Rannán Thuaisceart na hÉireann roimhe sin. Mar Rúnaí Cúnta d’fhóin sé ar cheann Rannán Thuaisceart Éireann, an Rannán Gnóthaí Corparáideacha agus an Rannán do Pholasaí Eacnamaíochta agus Sóisialta.

Chuaigh sé isteach sa Roinn mar Oifigeach Airgeadais in 1999.

D’fhóin sé sa Roinn Leasa Shóisialaigh, sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus sa Roinn Talmhaíochta agus Bia roimhe seo.  

Tá céim B. Comm ó UCD aige chomh maith le céim M.Sc. (Eac.) ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.

Ar a cheapachán dó, beidh an tUas. Fraser ar an gcéad Chathaoirleach ar an gComhairle Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ceapadh Dermot McCarthy, atá ag dul ar scor, ina Ard-Rúnaí Rialtais i mí Eanáir 2000 agus ina Ard-Rúnaí Roinne i mí Iúil 2001.

CRÍOCH