Foilsithe ar 

Déanann an tAire Stáit cur síos ar ghníomhartha athchóirithe don Choimisinéir Teanga agus don Choimisiún Logainmneacha

Rinne an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., cur síos inniu ar na hathchóirithe atá á gcur chun cinn anois don Choimisinéir Teanga agus don Choimisiún Logainmneacha.

I mí na Samhna 2011, chomhaontaigh an Rialtas Plean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, a chuir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D., i láthair. Tar éis tréimhse de mheasúnú, de chomhairliúchán agus d'athbhreithniú, bhreathnaigh an Rialtas inniu ar an dul chun cinn atá déanta go dáta, agus nótáil siad réimse gníomhartha athchóirithe atá le cur i gcrích agus tháinig siad ar chomhaontú orthu sin.

Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich:

"Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais inniu, beidh Coimisinéir Teanga atá ceaptha go reachtúil lonnaithe sa Ghaeltacht i gcónaí agus leanfaidh an Coimisinéir le feidhmiú a chumhachtaí reatha go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Chomh maith leis sin, tiocfaidh coiste saineolaithe, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha. Cinnteoidh an cur chuige seo go mbeidh meicníocht sheachtrach d'athbhreithniú ar logainmneacha Gaeilge ann i gcónaí, de réir dhea-chleachtas."

Is iad seo a leanas na gníomhartha atá á gcur chun cinn anois i ndáil leis an gCoimisinéir Teanga agus leis an gCoimisiún Logainmneacha:

·An Coimisinéir Teanga: Comhcheanglófar Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman. Leanfaidh Coiminéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

·An Coimisiún Logainmneacha: Tiocfaidh coiste saineolaithe, a bheidh ag feidhmiú ar bonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha, agus is ar líne den chuid is mó a dhéanfar an obair.

Críoch

Nóta don eagarthóir:

Is iad an Coimisinéir Teanga agus an Coimisiún Logainmneacha an dá eagraíocht atá faoi chúram an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus atá san áireamh i bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí de chuid an Rialtais.

Tá achoimre ar na gníomhartha athchóirithe thíos.

An Coimisinéir Teanga

·Comhcheanglófar Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman.

·Aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe.

·Leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

An Coimisiún Logainmneacha

·Tiocfadh coiste saineolaithe de 7 go 10 mball, a bheidh ag feidhmiú ar bonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha, atá ag feidhmiú i láthair na huaire le ballraíocht de 17 ball.

·Is ar líne den chuid is mó a dhéanfar obair an choiste seo, agus tionólfar cruinnithe gach ráithe chun saincheisteanna casta a phlé.