Foilsithe ar
Deontas €67,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich chun soilse a chur ar chéanna ar oileáin i nDún na nGall
Tá se fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil deontas €67,000 ceadaithe aige do Chomhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh soilse ar chéanna éagsúla ar oileáin amach ó chósta Dhún na nGall. Is deontas 75% atá i gceist ón Roinn le 25% ag teacht ón gComhairle Contae. Tá na sonraí tugtha leis seo.
Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go raibh sé an-sásta an deontas a cheadú don Chomhairle Contae mar go bhfuil sábháilteacht an-tábhachtach i gcomhthéacs na n-oileán. "Má tá an pobal inmharthana le filleadh riamh ar na hoileáin go buan beidh seirbhísí den chineál seo riachtanach le iad a mhealladh ar ais," a dúirt an tAire Stáit. "Tá áilleacht ar leith ag baint leis na hoileáin seo," a dúirt sé, "agus cuideoidh na háiseanna seo go mór leo."
Áit CineálSolais Líon Costas
Gabhla - Tor na mBláthán Gnáthsholas 3 €10,500
Inis Oirthir Hibrideach 1 €14,500
Inis Mhic an Doirn Gnáthsholas 1 €4,000
Oileán an Bhráighe–Cabhsa Gnáthsholas 3 €9,000
-Sleamhnán 1 €4,000
Inis Meáin Hibrideach 1 €14,500
Uaig Hibrideach 1 €10,500
IOMLÁN €67,000