Foilsithe ar 

Deontas €98,870 ceadaithe ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. chun Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu go bhfuil deontas €98,870 ceadaithe aige chun an tionscadal Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne. Is comhfhiontar a bheidh sa tionscadal seo idir An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Feidhmíonn Cnuasach Bhéaloideas Éireann faoi scáth An Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath Tá stór an-luachmhar d’ábhar béaloidis bailithe ón am ar bunaíodh Coimisiún Bhéaloideas Éireann in 1935 a chuimsíonn cartlanna lámhscríbhinní, grianghrafadóireachta, fuaime agus físe, sainleabharlann agus cartlann ceoil. Tá faisnéis ann maidir le gnéithe den bhéaloideas agus de shaol na tuaithe i ngach contae in Éirinn chomh maith le roinnt ábhair a bailíodh in Albain, i Manainn, sa Bhriotáin agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is acmhainn chultúrtha an-tábhachtach é an Cnuasach agus baineann a lán aicmí úsáid as i gcomhar taighde, ina measc lucht léinn, scríbhneoirí,, amhránaithe, lucht staire, na meáin, turasóirí agus an pobal i gcoitinne. Cuirfidh sé go mór le tairbhe an chnuasaigh nuair atá teacht ar an ábhar go digiteach.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh lúcháir air go raibh a Roinn in ann deontas a chur ar fáil don tionscadal seo, a luíonn go dlúth le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. " Tá mé thar a bheith sásta fosta gur comhfhiontar atá anseo idir An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - a bhfuil an bunábhar agus an saineolas ar an mbunábhar acu – agus Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - a bhfuil an saineolas teicniúil agus an taithí ar bhainistíocht tionscadail acu le dul i mbun dhigitiú an Chnuasaigh luachmhair seo. Is cinnte gur buntáiste mór a bheidh ann an Cnuasach Béaloidis a bheith ar fáil go digiteach ar bhonn forleathan agus do phobail áitiúla chun an leas is fearr a bhaint as an ábhar agus beidh sé mar acmhainn thábhachtach oideachais ar scála domhanda fosta," a dúirt an tAire Stáit.