Foilsithe ar 

É socraithe ag an Rialtas go lú turas Féile Pádraig a bheidh ann i 2011, go mbeidh siad níos giorra agus níos Saindírithe

Cuspóir  Lárnach é Clú na hÉireann a Atógáil - Taoiseach

Rinneadh an Rialtas cinneadh inniu faoin gclár taistil thar lear do Lá Fhéile Pádraig.

Baineann an clár le cláir taistil don Taoiseach agus do 8 Aire i ndíreach 8 tír (i gcomparáid le taisteal do 22 ionadaí Rialtais chuig 24 tír anuraidh).

Casfaidh an Taoiseach, an tUas. Enda Kenny TD, leis an Uachtarán Barack Obama sa Teach Bán Lá Fhéile Pádraig.

San áireamh i gclár dhá lá an Taoisigh in Washington, DC beidh coinní le daoine sinsearacha sna Stáit Aontaithe ón Riarachán agus ón gComhdháil, lena n-áirítear an Leas-Uachtarán Biden agus Urlabhraí Theach na nIonadaithe, John Boehner, chomh maith le raon coinní chun tacú le trádáil, turasóireacht, cultúr, gnó agus infheistíocht na hÉireann.  Táthar ag súil go mbeidh a chéad chruinniú aige ó chuaigh sé i mbun oifige le Céad-Aire agus le Leas-Céad Aire Thuaisceart Éireann.

Áirítear ar roinnt de na cinn scríbe eile a dtabharfar cuairt orthu roinnt de mhórchomhpháirtithe trádála na hÉireann, chomh maith le margaí atá ag teacht chun cinn agus atá ag fás go tapa.

Seo a leanas an clár iomlán:

Washington, DC – An Taoiseach

Nua Eabhrac – An Tánaiste

Páras – An tUas. Simon Coveney, TD, an tAire Talmhaíochta, Mara & Bia

An Róimh & Milano – An tUas. Ruairí Quinn, TD, an tAire Oideachais & Scileanna

An Astráil /an Nua-Shéalainn (Christchurch) –  Frances Fitzgerald Uas., TD, an tAire Leanaí

Londain – An tUas. Jimmy Deenihan, TD, an tAire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta (12-14 Márta)

Londain – Joan Burton, Uas. TD, an tAire Coimirce Sóisialta (16-17 Márta)

An Ghearmáin – An tUas. Richard Bruton, TD, an tAire Fiontair, Post & Nuálaíochta

An India – an tUas. Leo Varadkar, TD, an tAire Iompair, Turasóireachta & Spóirt

Dúirt an Taoiseach go raibh atógáil chlú na hÉireann ag croílár chuspóirí an Rialtais don chéad 100 lá in oifig aige.

Dúirt sé go mbainfeadh an Rialtas leas as an ardán domhanda a thugann  Lá Fhéile Pádraig d'Éirinn chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt don domhan mór go bhfuil Éire oscailte le gnó a dhéanamh, go bhfuil todhchaí dearfach romhainn agus go bhfuil tús curtha le próiseas stairiúil athnuachana polaitiúil agus eacnamaíochta.

Dúirt sé go ndéanfaí é sin ar shlí éifeachtach a chinnteodh luach ar airgead.

Dúirt sé go mbeadh taisteal srianta chuig líon níos lú ceann scríbe ar ard-tosaíochtaí iad ó thaobh trádála, gnó agus poist d’Éirinn.  Dúirt sé leis go mbeadh na cláir níos giorra agus níos saindírithe ná mar a bhí siad sna blianta roimhe seo.

CRÍOCH