Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Mac Fhionnlaíoch roimh an fhógra maidir le maoiniú do Theach an Phiarsaigh do 2015

Inniu 13 Bealtaine 2014 chuir an tAire Stáit Donncha Mac Fhionnlaoich fáilte roimh an fhógra ón a comhghleacaí an tAire Deenihan go bhfuil Teach an Phiarsaigh, Ros Muc san áireamh sa mhaoiniú de €22m atá curtha ar fáil don bhliain 2015 do Chlár Cuimhneacháin 1916. Tá allúntas ar leith de €0.5m curtha ar fáil i mbliana don togra seo chun gur féidir ionad do chuairteoirí a thógáil i Ros Muc mar chuid de Chlár Cuimhneacháin 2016. Tá roinnt tograí i gceist leis an gClár seo, lena n-áirítear Ard-Oifig an Phoist, an Chartlann Mhíleata agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.

Dúirt an tAire Stáit:

“Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinnse i gcomhar le Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Fáilte Ireland agus Oifig na nOibreacha Poiblí chun an togra seo a chur i gcrích in am do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt d’ Údarás na Gaeltachta as an ról lárnach atá agus a bheidh acu leis an togra fíor-thábhachtach seo a chur i gcrích.”

Ní miste a nótáil nach bhfuil aon suimeanna ar leith luaite go fóill as an bpacáiste €22m d’aon cheann de na tograí seo. Tuigtear go ndíreofar air sin i gcomhthéacs an próiseas Meastacháin do 2015 níos deireanaí sa bhliain.