Foilsithe ar 

Faomhadh á thabhairt ag an Aire Quinn d’athstruchtúrú mór ar an Soláthar do thúsoideachas múinteoirí

Leis an gcomhoibriú nua tiocfaidh sé "Lárionad Oideachas Múinteoirí" chun cinn

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairi Quinn T.D. chun dul ar aghaidh le pleananna bunúsacha chun ollchóiriú a dhéanamh ar an soláthar do thúsoideachas múinteoirí.

Tá an tAire Quinn tar éis glacadh leis na moltaí atá leagtha amach i dtuarascáil a choimisiúnaigh an tÚdarás um Ardoideachas maidir leis na struchtúir i gcomhair oiliúint múinteoirí. Bá í ab aidhm leis an dtuarascáil, a bhí arna hiarraidh ag an Aire, ná struchtúir fhéideartha úra a shainaithint chun feabhas a chur ar oiliúint mhúinteoirí in Éirinn i dtreo is go mbeidh sé inchurtha leis an oiliúint is fearr ar domhan.

Is é an príomh-mholadh san athbhreithniú, é déanta ag painéal idirnáisiúnta saineolaithe ar an oideachas, ná go gcuirfí oideachas múinteoirí ar fáil i sé "lárionad oideachas múinteoirí".

Faoi láthair tá 19 soláthróirí thúsoideachas múinteoirí ann atá á maoiniú ag an Stát (agus trí chinn nach bhfuil á maoiniú ag an Stát) agus iad ag tairiscint breis is 40 clár choláiste sa mhúinteoireacht bhunscoile agus iar-bhunscoile.

Tá athruithe á ndéanamh cheana féin ar inneachar agus fad oideachas múinteoirí, agus béim níos mó á cur ar litearthacht, uimhearthacht agus scileanna oideolaíocha.

Beidh fógra an lae inniu faoi na hathruithe struchtúrtha ina chomhlánú ar na leasuithe ar an gcuraclam a bhfuil cuntas tugtha orthu cheana ag an Aire Quinn, agus ina chabhair le hÉire a chur ar thús cadhnaíochta maidir le hoideachas múinteoirí.

"Tá sé faighte amach againn ón taighde gur ar chaighdeán na múinteoirí is mó a bhraitheann caighdeán an chóras oideachais againn," adúirt an tAire Quinn. "Is é seo an fáth go bhfuilim ag cur dlús le hathruithe, ag leibhéal an struchtúir agus ag leibhéal an inneachair, ar oideachas múinteoirí."

"Leis na saghsanna nua comhoibrithe atá molta ag an bpainéal idirnáisiúnta beidh líon níos lú lárionad do thúsoideachas múinteoirí ann, ach beidh siad ag tairiscint oideachais ar fud líon earnálacha, oideachas luath-óige, bunoideachas, iar-bhunoideachas agus oideachas aosach."

"Beidh mais chriticiúil ag na lárionaid oideachas múinteoirí seo chomh fada is a bhaineann le cumas chun taighde a dhéanamh, rud nach mbíonn amhlaidh i gcónaí in institiúidí níos lú ná sin. Leis na cumraíochtaí úra beidh boinn láidre taighde daingnithe i ngach aon lárionad."

Tá sé molta sa tuarascáil faoi Struchtúr an tSoláthair do Thúsoideachas Múinteoirí in Éirinn a tháinig ón bpainéal idirnáisiúnta athbhreithnithe go mbeadh na cumraíochtaí seo a leanas ann:

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – Coláiste Phádraig, Droim Conrach – Institiúid Oideachais Mater Dei

Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath – Institiúid Oideachais Marino – Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath – An Coláiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha

Ollscoil na hÉireann Má Nuad –Coláiste Froebel

Ollscoil Luimnigh – Coláiste Mhuire gan Smál – Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí

Ollscoil na hÉireann Gaillimh – Coláiste Naomh Angela Sligeach

Mhol an Painéal Athbhreithnithe chomh maith go mbeadh Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann i gcumas gabháil go hoiriúnach le ceann ar bith de na chéad trí chumraíocht úra.

Tá an t-athbhreithniú de réir na moltaí sa Straitéis Náisiúnta um Ardoideachas 2030, nó Tuarascáil Hunt, ina meastar gurb é an comhoibriú áitiúil, réigiúnach agus idirnáisiúnta atá mar eochair le forbairt an chóras ardoideachais. Beidh sé chomh maith ina chuid d’athbhreithniú níos leithne ar thírdhreach iomlán an ardoideachais atá faoi láthair idir lámha ag an Údarás um Ardoideachas.

Tá iarrtha ag an Aire Quinn ar an Údarás um Ardoideachas anois tuarascáil mhionsonraithe a chur faoina bhráid, roimh dheireadh na bliana, faoin gcaoi le moltaí an Phainéil a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh sé tuairisc ansin don Chomh-aireacht agus moltaí níos foirmeálta inti, impleachtaí airgeadais ina measc.

"Tá Éire i gcónaí ag mealladh mac léinn den mhianach is fearr isteach i ngairm na múinteoireachta. Creidim go gcinnteoidh an t-athstruchtúrú ar oideachas múinteoirí atá á tosnú anois agam go bhfaighidh na mic léinn ard-ghnóthachtála seo oideachas a chuirfidh ar a gcumas bheith ina múinteoirí ar an gcaighdeán is airde," adúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir.

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil:

Deirdre Grant 086 0484 279

Sarah Miley 087 7820 941

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá an tuarascáil iomlán le fáil ag

http://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2012-Press-Releases/Report-of-the-International-Review-Panel-on-the-Structure-of-Initial-Teacher-Education-Provision-in-Ireland.pdf

D’iarr an tAire Quinn ar an Údarás um Ardoideachas comhairle a chur air maidir le struchtúr an tsoláthair do thúsoideachas múinteoirí sa Stát níos luaithe i mbliana. I mí Aibreáin, cuireadh Painéal Idirnáisiúnta Athbhreithnithe ar bun chun na críche seo.

Ba iad baill an Phainéil ná An tOllamh Pasi Sahlberg (Cathaoirleach), Ard-Stiúrthóir CIMO (san Aireacht Oideachais), Helsinki, An Fhionlainn agus Ollamh Taca ag Ollscoil Helsinki agus Ollscoil Oulu, An tOllamh Pamela Munn, Ollamh Emeritus ag Ollscoil Dhún Éideann agus An tOllamh John Furlong, Iar-Stiúrthóir Ollscoil Oxford.

D’ordaigh na téarmaí tagartha don phainéal idirnáisiúnta "athbhreithniú a chur i gcrích ar struchtúr an tsoláthair do thúsoideachas múinteoirí, agus struchtúir fhéideartha úra a shainaithint a aithneoidh agus a dhíreoidh ar na réimsí laga sa chóras oideachas múinteoirí; cur leis na láidreachtaí atá sa chóras faoi láthair; agus straitéisí nuálacha a shamhlú i dtreo is go mbeidh Éire in ann réimeas oideachas múinteoirí a chur ar fáil a bheidh inchurtha leis an réimeas is fearr ar domhan."