Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Deenihan an dáta do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014

Inniu d'fhógair Jimmy Deenihan, T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 ag tarlú ar an Domhnach, 11

ú

Bealtaine 2014i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin.

D'fhógair an tAire Deenihan go bhfuil glactha ag an Taoiseach, Enda Kenny T.D., leis an gcuireadh a bheith i gceannas ar an ionadaíocht oifigiúil ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014.

Dúirt an tAire Deenihan an méid seo inniu:

Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 ar siúl ar an Domhnach, 11ú Bealtaine, i láthair an Taoisigh.  Beidh sé seo ar an seachtú bliain as a chéile go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir á reáchtáil.  Bíonn gach cuimhneachán bliantúil ina ócáid oiriúnach agus lán brí i gcuimhne ar ár sinsear ar fad a d'éag, a chuaigh ar imirce nó a d'fhulaing le linn an ama uafásaigh sin.  I gcroílár na hócáide beidh searmanas a mbeidh pobal na háite páirteach ann agus a gcuirfear críoch leis le hócáid searmanais fhoirmiúil an Stáit, lena n-áireofar brat na hÉireann agus onóracha míleata, chomh maith le searmanas fleascleagain.  Beidh pobal Bhéal na mBuillí, Contae Ros Comáin, fíorbhuíoch as rannpháirtíocht an Taoisigh i gcuimhneachán na bliana seo.  Táim féin agus baill eile Choiste Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag súil go mór le casadh leis an bpobal áitiúil agus iad ag léiriú a dtaobh siúd de cheann de na tragóidí ba mheasa i stair na tíre.