Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas €435,266 do Chomharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua

Tá fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil liúntas de €435,266, nó 80% den chostas, cibé acu is lú, á cheadú aige do Chomharchumann Mhic Dara chun cur ar a gcumas athchóiriú a dhéanamh ar sheanmhonarcha le go mbeidh sí oiriúnach mar áis phobail do cheantar na Ceathrún Rua agus mar chóiríocht do choláiste Gaeilge araon.

Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich: “Leis an gcúnamh suntasach seo beidh ar chumas an Chomharchumainn bailchríoch a chur ar fhorbairt an ionaid phobail seo a bheidh chun leasa an cheantair trí chéile. Mar thoradh ar an infheistíocht seo, treiseofar iarrachtaí an chomharchumainn agus an phobail araon an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.”

Tá an deontas seo ceadaithe don Chomharchumann ionas go bhféadfaidh siad athchóiriú a dhéanamh ar chóiríocht mhonarchan sa Cheathrú Rua, athchóiriú a chuirfidh 8 seomra ranga, 4 oifig, halla spóirt, leithris agus seomraí feistis ar fáil in aon ionad amháin a bheidh oiriúnach mar áis phobail agus mar chóiríocht do choláiste Gaeilge araon.

Tá 2 choláiste Gaeilge ag feidhmiú i gceantar na Ceathrún Rua le blianta fada anuas, mar atá Coláiste Chiaráin (1,328 scoláire in 2012) agus Coláiste Cholumba (709 scoláire in 2012). Mar gheall ar easpa spáis oiriúnaigh, bíonn an dá choláiste seo ag brath ar raon leathan cóiríochta sa cheantar — idir na scoileanna áitiúla, hallaí pobail, chomh maith le cóiríocht eile ar nós oifigí sa chomharsanacht — le go bhféadann siad feidhmiú go cuí.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go fadtréimhseach d’fhógair an Roinn deontas de €256,000 don Chomharchumann chun an foirgneamh seo a cheannach i mí Mheán Fómhair 2012. In éindí leis na seirbhísí réamhscoile atá suite in aice leis an bhforbairt seo, táthar ag súil go mbeidh lárionad tacaíochta teaghlaigh agus Gaeilge ar an suíomh mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, rud a chuideoidh go mór le cúrsaí pleanála teanga ar an gCeathrú Rua.

“Infrastruchtúr riachtanach teanga atá anseo,” a dúirt an tAire Stáit ag fógairt an deontais seo dó. “Cuideoidh sé go mór leis an bpobal agus iad ag cur plean teanga i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta. Taispeánann an infheistíocht seo go bhfuil an Roinn agus an Rialtas ag leanúint orthu leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fheidhmiú.” Dúirt sé freisin go bhfuil moladh mór ag dul don Chomharchumann as an obair atá déanta acu chun áiseanna den chineál seo a fheabhsú agus an Ghaeilge a láidriú sa cheantar.