Foilsithe ar 

Oireachtas na Samhna - an Féile Éalaíon is faide ar siúl in Éirinn - Mac Fhionnlaoich

Oireachtas 2011 á oscailt go hoifigiúil ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Aire Stáit don Ghaeltacht, i gCill Airne, Contae Chiarraí, Déardaoin an 3 Samhain, 2011. Beidh féile an Oireachtais ar siúl in Ionad Comhdhála Gleneagle i mbliana agus meastar go dtabharfaidh idir 10,000 duine agus 15,000 duine cuairt ar Chill Airne le linn an deireadh seachtaine seo chugainn.

Agus é ag labhairt ag an oscailt dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich, "Is bunchuid de shaol na nEalaíon in Éirinn í Féile Bhliantúil Oireachtas na Samhna. Ís í an fhéile seo an fhéile ealaíon is faide ar siúl in Éirinn. Chuir Dubhglas de hÍde tús léi sa bhliain 1897 sa Rotunda, i mBaile Átha Cliath. Ghlac 1,000 duine páirt san fhéile an bhliain sin. Agus i mbliana, den chéad uair, reáchtáladh Oireachtas Cheanada agus d'éirigh chomh maith sin leis go bhfuil sé ar an sceideal arís do mhí Iúil 2012.

Sa lá atá inniu ann, tá lucht féachána i bhfad níos mó ag Oireachtas na Samhna mar gheall ar an teilifís, le RTÉ, TG4 agus i mbliana 'Youtube' ag craoladh roinnt de na comórtais agus ceadail. Ní thig an cineál sin clúdaigh a cheannach agus is ardán ar dóigh é lenár gcultúr uathúil Éireannach a chur ar taispeáint. Tá ceol agus rithim le clos ó achán duine, idir óg is aosta. Tá ceoltóirí, amhránaithe, scéalaithe, agus muintir sean-nóis uilig anseo agus iad réidh le sult a bhaint as an tsiamsaíocht chomh maith lena cur ar fáil."

Le linn dheireadh seachtaine na Féile, seolfaidh an tAire Mac Fhionnlaoich dhá shuíomh gréasáin nua chomh maith, www.scríobh.ie agus www.nascanna.com. Beidh na suíomhanna nua seo ina n-uirlisí luachmhara do dhaoine a bhíonn ag obair leis an nGaeilge nó ag déanamh staidéar i nGaeilge. Cuireann na suíomhanna nua achoimre ar fáil de na hacmhainní úsáideacha ríomhchláraithe agus idirlín atá ar fáil a bhaineann le scríobh na Gaeilge. Rachaidh siad chun tairbhe go mór chomh maith do na daoine úd a bhíonn ag déanamh taighde ar an idirlíon.

Ghabh an tAire Mac Fhionnlaoich buíochas le hUachtarán na Féile, Úna Uí Lachtnáin, agus le stiúrthóir na Féile, Liam Ó Maolaodha. "Tá fás agus forbairt tagtha ar Oireachtas na Samhna bliain i ndiaidh bliana faoi mhaoirseacht Úna agus Liam, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair chruaidh a chuireann siad isteach ar feadh na bliana leis an scoth chaighdeáin seo a bhaint amach. I ndáiríre, tá mé ag fanacht go cruaidh le fáilte a chur romhaibh uilig go Dún na nGall sa bhliain 2012, áit a bhfuil mé cinnte go n-éireoidh chomh maith céanna leis an Fhéile," arsa an tAire Mac Fhionnlaoich.