Foilsithe ar 

Ráiteas chuig Dáil Éireann ag an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny T.D. ar bhás Nelson Mandela

Ba chúis mhór bróin dom an tseachtain seo caite é bás Nelson Mandela; laoch, seaimpín na ndaoine ar fud na cruinne agus státaire is fearr na linne seo.

Ní féidir beag a dhéanamh den tionchar a bhí aige ar an domhan - throid sé gan staonadh in aghaidh na héagóra agus an idirdhealaithe, rud a mheabhraíonn go láidir dúinn féin an fód a sheasamh don rud ceart.

Tugaimid aitheantas inniu d’fhear is ionann a ainm agus dínit, saoirse agus gach atá ceart agus cóir.

Bhí mé i láthair sa Seomra seo nuair a labhair sé le comhshuí Thithe an Oireachtais i rith an chuairt a thug sé ar Éirinn i 1990, díreach sé mhí i ndiaidh a scaoilte saor ón bpríosún tar éis seacht mbliana fichead.

Níor léirigh sé searbhas, fearg ná naimhdeas ar bith an lá sin i leith an réimis a bhain a shaoirse uaidh agus a bhain a gcearta bunúsacha daonna ó mhuintir na hAfraice Theas.

A mhalairt ar fad de theachtaireacht a bhí aige an tráthnóna sin i mí Iúil; bhí sé ag súil le todhchaí níos fearr san Afraic Theas agus lán le grá don duine daonna.

Ghabh sé buíochas le muintir na hÉireann freisin as an fháilte mhór a cuireadh roimhe agus thar aon ní eile as an tacaíocht chroíúil agus an íobairt a léirigh siad don ghluaiseacht frith-apartheid.

Rinne sé tagairt don gcoimhlint a bhí againn féin san am atá caite agus dúirt sé go raibh lán-dóchas aige go mbeadh an Afraic Theas chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin” mar a deir tírghráthóirí móra na hÉireann i bhForógra na Poblachta, 1916.

Rinne sé tagairt freisin do WB Yeats ‘too long a sacrifice can make a stone of the heart’ agus dúirt sé gur dhiúltaigh sé dá chroí féin sin a dhéanamh.

Tugaimid aitheantas inniu - mar a rinne seisean an lá sin - don aon oibrí déag de chuid Dunnes Stores a chonaic éagóir ag tarlú an tráth sin agus a rinne rud éigin faoi, cé gur mhór an íobairt phearsanta dóibh féin é.

Is féidir linn a bheith bródúil inniu gur iarr Éire smachtbhannaí AE in aghaidh apartheid san Afraic Theas, agus gur cuireadh i bhfeidhm iad, chomh maith leis an díchoilíniú agus an troid in aghaidh apartheid a bhrú go dtí barr chlár oibre na Náisiún Aontaithe.

Bhí Gluaiseacht Frith-Apartheid na hÉireann, faoi cheannas Kader Asmal, ar cheann de na caibidlí ba ghníomhaí agus ba ghuthaí sa ghluaiseacht ar fud an domhain.

Is féidir linn a bheith bródúil as na misinéirí Éireannacha go léir san Afraic Theas faoin apartheid a chuir oideachas agus cúram ar mhuintir gorma na tíre nuair a bhí faillí á déanamh ag a rialtas féin orthu, agus gan seirbhísí bunúsacha acu fiú.

An lá álainn sin i mí Iúil, chuir Nelson Mandela a bhuíochas do mhuintir na hÉireann in iúl as ucht seasamh le muintir na hAfraice Theas agus cabhrú leo sa choimhlint in aghaidh apartheid.

Inniu, táimid thar a bheith buíoch don fhear speisialta sin a mhúin an oiread sin dúinn, ina measc láidreacht iontach spiorad an duine.